leabhar a dó an bia, an talamh agus na crainn...4 tá an ithir á lot agus is é an duine féin a...

44
Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN

Upload: others

Post on 03-Feb-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

Leabhar a Dó

AN BIA, AN TALAMH AGUSNA CRAINN

Page 2: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

Seo an dara leabhar sa tsraith atá á tabhairtamach ag Self Help Development International. Isé uisce an t-ábhar atá faoi chaibidil sa chéadleabhar agus tugann se léargas dúinn ar cé chomhtábhachtach is atá an t-uisce dúinn go léir inársaol laethúil. Freisin, cuireann sé ar ár súile dúinnna fadhbanna bunúsacha atá ag daoine agus iadag iarraidh teacht ar uisce agus conas a réitíonnsiad na fadhbanna seo.

Is í príomhaidhm na sraithe seo ná eolas athabhairt faoin saol san Afraic i leaganamach atá suimiúil agus atá daite gohálainn. Is í an dara haidhm atá léi náamhras a chaitheamh ar na híomhánna is arna scéalta diúltacha atá amuigh i leith nadtíortha faoi fhorbairt. Níl amhras ar bithach go bhfuil fadhbanna ann. Leagtar an-bhéim sa tsraith seo ar na slite ina ndéantarna fadhbanna seo a réiteach. Dírítear gospeisialta ar shaol lucht tuaithe na hAfraicear a gcuid feirmeacha agus sna sráidbhailte.

Tá an t-aoisraon ar a bhfuil an tsraith seodírithe leathan, 10-17 mbliana d’aois. Marsin tá réimse alt inti a dhéanfaidh freastal arna cúrsaí ar suim leis na mic léinn iad agusar an leibhéal oideachais atá ag gach aicmedíobh. Tá sé i gceist freisin go mbainfí úsáidas an tsraith seo chun freastal ar roinntábhar léinn difriúil. Ciallaíonn sé seo gombeidh dearcadh difriúil ar na scéalta óábhar go hábhar agus tuiscintí difriúlaorthu. Cabhróidh an t-eolas sin chun léargasa thabhairt ar cathain, cá háit, conas nó cenfáth ar tharla rudaí áirithe agus ar antoradh a bhí acu ar shaol na ndaoine.

Baineadh úsáid as íomhánna a bhí arardchaighdeán chun na cásanna éagsúla a

léiriú. Tá sé fíorthábhachtach go bhféachfaígo cúramach ar na híomhánna seo agus gogcuirfí dóthain ama ar fáil chun a bhfuil áthaispeáint acu a phlé.

Tá gearrcheisteanna agus cleachtaí agdeireadh gach scéil chun go mbeadh seansag daltaí na pointí éagsúla a thabhairt chuncuimhne, agus plé a dhéanamh orthu.

Is é an leagan amach atá ar an leabhar nápictiúr ginearálta a thabhairt ar dtús faoi nabuncheisteanna a bhaineann leis an mbia,leis an talamh agus leis na crainn sadomhan, ansin cás-staidéar a dhéanamh argach ábhar acu seo, agus, ag deireadh,roinnt eolais a bhainfidh leo ar fad athabhairt.

Tá sé tábhachtach go mbeadh béim air gombeadh na ceisteanna seo á bplé ag na micléinn agus, dá thairbhe sin, go rachaidís imbun gnímh. Sa tslí seo cuirtear treise lenabhfuil á bhfoghlaim acu, agus braitheannsiad go bhfuil níos mó cumhachta acu agusníos mó tionchair acu ar mhórcheisteannaan tsaoil sa lá atá inniu ann.

Tá tacar de leatháin oibre le fáil ar fud anleabhair. Tugann seo deis do na mic léinn

obair a dhéanamh ar na hábhair a bhí faoichaibidil, cur lena gcuid eolais trí rudaí nuaa fháil amach dóibh féin agus ócáidí achruthú a bhfuil baint acu leis an ábhar atugadh dóibh.

Is í obair an mhúinteora ná na mic léinn athreorú agus cabhrú leo le súil is godtiocfaidh siad ar eolas agus ar léargais nuafaoin saol againn féin agus faoi shaol nandaoine i mórchuid áiteanna difriúla ar fudan domhain. Tá an t-eolas is an gníomh idtaca a chéile ina n-uirlis chumhachtach,uirlis a bhogann cúrsaí ar aghaidh agus adhéanann athruithe a théann chun leasadon phobal.

Tá súil agam go mbainfidh tú idir úsáid isleas as an leabhar seo. Má tá tuairimí nóeolas agat ar mhaith leat iad a roinnt linn,déan teagmháil le Self Help. Bheadh fáilteagainn roimh do chuid tuairimí faoinleabhar, agus chabhródh a leithéid i gcásleabhar eile amach anseo. Má tá cóipeannade Water, an chéad leabhar sa tsraith, uait,tugtar sonraí teagmhála dúinn ar angclúdach cúil.

Bain taitneamh as an leabhar seo agus go n-éirí an t-ádh leat.

RéamhráFéach ar leathanach 40 don Cur Chuige Traschuracalam

Pictiúir Clúdach: Teaghlach Abdehahi ag saothrú prátaí, Eritrea.

Máthair agus a páiste, Alemaya, An Aetóip.

Page 3: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

Ábhair

Udar; DDááiitthhíí OO hhAAooddhhaa..Billeoga oibre: PPaattssyy TToollaanndd..Maoinithe ag: DDeevveellooppmmeenntt CCoo--ooppeerraattiioonn IIrreellaannddGriangraifeanna le: CCaarrooll LLeeee,, PPaattssyyTToollaanndd and SStteepphheenn OO’’BBrriieenn..Déaradh le DDeessiiggnnTTaaccttiiccss..

Buíochas do

DDrr.. RRoobbeerrtt BBrriissccooee,, Coláiste nahOllscoile, Corcaigh.DDrr.. NN.. CChhiisshhoollmm,, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.MMiikkee FFiittzzggiibbbboonn, Ionad Idirnaisiúnta um Ghorta.NNóórraa HHeennnneessssyy,, Ionad Idirnaisiúnta um Ghorta.SSiibboo BBaannddaa, Mac Léinn PhD, Coláiste nahOllscoile, Corcaigh.CCoollmm OO’’CCoonnnnoorr,, Coláiste Chríost Rí,Cork. Conchúir O Muimhneacháin,Coláiste Chríost Rí, Cork. DDaavviidd CCoollee,, Scoil na hEorpa, An Bhruiséil.MMiicchhaaeell OO’’KKeeeeffffee (Príomhoide) ScoilNáisiúnta Raheen, Cill Airne, Co. Chiarraí.LLoorrrraaiinnee DDooyyllee,, CCllaaiirree GGaallvviinn,, JJeennnniiffeerrWWhhiittffoorrdd,, JJaammeess CCaammppiioonn,, ScoilNáisiúnta Raheen, Cill Airne, Co. Chiarraí. TToonnyy SSaauunnddeerrss,, Scoil Naomh Edbhard,Cheltenham, Sasana.HHoonnoorr HHaayyeess,, Ionad Traenála G&K,Corcaigh.LLuucciiaa MMccCCaauugghheeyy,, Múinteoir ealaoín,B.A.C.MMaarryy LLoonngg, Pobalscoil Ghleann Maghair,Corcaigh. MM.. TT--HH..

2 An Domhan I bhFigiúir

3 Bia agus Cothú: Triantán anBhia

4 Talamh na Cruinne

6 An Streachailt le haghaidhna hAfraice

8 An Aetóip

10 Cás Staidéar 1: CórasTacaíochta d’fheirmeoirí nahAetóipe

12 Uisce: Tábhacht an uiscechun todhcaí an bhia achinntiú

14 Abhainn na Níle: Foinse nabeatha; foinse buartha iscoimhlinte

17 Dífhoraoisiú

18 Billeog Oibre 1

19 Uganda: “Péarla NahAfraice”

20 Cás Staidéar 2: Uganda; agfreastal ar na riachtanaisíbunúsacha.

21 Caomhnú agus ForbairtForaoisí Uganda

22 Ari Van der Wel

23 Eladu Robert

24 Ag Tacú le Feirmeoirí sanAfraic sa Cheantar ó dheasón Sahara

25 Faoi Athrach Saoil Mo Dhán

26 Fás Bananaí: Bia maith,sláintiúil a sholáthar dodhaoine.

28 Billeog Oibre 2

29 Malawi

30 Cás Staidéar 3: An Mhaláiv;Ón Talamh Aníos

32 Fadhbanna Tionóntaithe nabhFeirmeacha is na nEastát isa Mhaláiv

33 Cé hiad atá ag alpadh, aguscé hiad atá á n-alpadh siaracu?

34 Ní “Bean an Fheirmeora” aThuilleadh í

36 An Chóirthrádáil

37 Billeog Oibre 3

38 Coillte: SeirbhísForaoiseachta na hÉireann

39 Tráth Na gCeist

40 Cur Chuige Traschuraclam

41. Cleachtadh: Féachaint arghrianghrafanna

41. Foinsí Úsáideacha

42. An Afraic Bheo - Clár do naScoileanna

1

Page 4: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

2

An Domhan I bhFigiúirí

Sa bhliain 2003 saolófar tuairim is 138 milliún daonnaí agus caillfear54 mhilliún dínn. Sin méadú glan de 84 mhilliún ar an daonra, breisagus 230,000 duine nua ar an saol gach lá den bhliain. Beidh cuidmhór díobh seo ar chíoch na máthar go ceann bliana nó mar sin,ach ina dhiaidh sin is faoin Talamh Torthach a bheidh sé bia agusdeoch a sholáthar dóibh. Beidh ar an bpláinéad leochaileach seoagus ar an muintir dhícheallach atá ag maireachtáil air bia asholáthar don 230,000 duine ocracha lá i ndiaidh lae don 66 blianaromhainn amach, gan trácht ar cheathrú milliúin eile amárach, agusan lá dar gcionn, agus an lá ina dhiaidh sin arís…

Is tríd an bhfás eacnamaíochta a dhéantar ár gcuid maoine a mheas,rud nach gcuireann staid na maoine nádúrtha san áireamh.Ciallaíonn sé seo go meastar go gcruthaíonn dífhoraoisiú tíresaibhreas.

Is maoin theoranta í an talamh atá oiriúnach le haghaidhcuradóireachta. Bliain i ndiaidh bliana tá achar níos lú de thalamhna cruinne ar fáil do dhaonra a bhíonn ag méadú i gcónaí. (Gachaon bhliain iompaíonn méid na Mumhan den talamh seo isteach inafhásach.) Tá an talamh curaíochta atá ar fáil don duine laghdaithedena leath le caoga bliain anuas. Tá an chabhair airgid a thugtar dothionscal na talmhaíochta sna tíortha bochta róbheag chun anlaghdú seo a chúiteamh, rud is cúis le ganntanas bia agus gorta.

Sa bhliain 2002 bhí luach €33thrilliún maoine sa domhanar fad. (€33,000,000,000,000).

Níl cumhacht leictreach fós ag40% de dhaonra an domhain(2.5 billiún duine).

Tá 47% de dhaonra andomhain ag maireachtáil arníos lú ná €2 an duine inaghaidh an lae.

Tá sciar na 50 tír is boichte, óthaobh trádála domhanda de,tite ó 3% go 2% le linn nadeich mbliana suas go dtí anbhliain 2000.

Tá 33% de na páistí faoi bhuncúig bliana d’aois faoimhíchothú.

Tá duine as gach ceathrar sadomhan gan léamh, ganscríobh.

Níl cúram nua-aimsearthasláinte le fáil ag duine asgach cúigear sa domhan.

Is as tíortha neamhfhorbarthaiad 95% de na daoine abhfuil an galar S.E.I.F orthu.

Tá fás faoi shé tagtha arfhiacha idirnáisiúnta nadtíortha neamhfhorbartha ó1970 i leith, €3 thrilliún ar fadsa bhliain 2000.

An mbeidh an pláinéad ábaltadóthain bia a tháirgeadh chunna billiúin a shaolófar amachanseo a chothú?

Ar an lá a mbeidh sé seo áléamh agat, tiocfaidh méadú230,000 duine ar dhaonra anphláinéid seo. Daoine ocrachaiad uile.

Page 5: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

3

Áis é seo a úsáideann saineolaithe bia,dochtúirí agus múinteoirí chun nabuanna a bhaineann le réim chothrombia a léiriú.Ba chóir sé dháileadh ar a laghad de na saghasanna éagsúla bia afheictear ar an tseilf íochtarach a ithe gach lá. Gránaigh, arán agusprátaí atá ar an tseilf íochtarach. Ansin tá na torthaí agus na glasraíann, agus moltar ceithre dháileadh díobh seo a chaitheamh inaghaidh an lae. Ar an gcéad leibhéal eile faightear an bainne, ancháis agus an t-iógart, agus bheadh gá le trí dháileadh díobh seo salá. Ar an dara leibhéal ón mbarr tá an fheoil, an t-iasc agus anéanlaith chlóis. Is leor dhá dháileadh díobh seo in aghaidh an lae.Ar an mbarr ar fad feictear na milseáin, na cácaí agus an tsaillmhífholláin, agus ba chóir fanacht glan amach uathu seo, nó méidan-bheag díobh a chaitheamh.

Bia agus Cothú: Triantán an Bhia

Cleachtadh don Dalta

1) Féach an féidir leat doréim bia féin a chur igcomparáid leis anréim bia a mholtar idtriantán an bhia.

2) Más gá duit ansórt bia a itheann tú a athrú,an bhfuil tú ábalta nahathruithe cuí a aithint?

3) Tabhair dhá shampla uaitde gach sórt difriúil bia aitheann tú i gcaitheamh lae:Carbaihiodráití, cineálachasaille, próitéin, vitimíní agusmianraí.

Tá gá ag an ngnáthdhuine fásta le 2400 calra sa lá. Tá sé tábhachtachgo mbeadh siad seo roinnte go cruinn sa chóimheas seo a leanas:Carbaihiodráití 55%, saill 35%, próitéin 10%, maraon le vitimíní agusmianraí. Tá an snáithín an-tábhachtach i réim bia an duine marglanann sé amach an córas díleách. Tá an snáithín le fáil i saghasannaéagsúla bia. Tá sé tábhachtach freisin go n-ólfaimis sé ghloine uiscego laethúil.

• Aithnítear na carbaihiodráití agus an tsaill fholláin marbhianna fuinnimh (arán, prátaí, cnónna, seacláid, &rl)

• Is í an phróitéin an bia a dhéanann an chabhail a neartú(an t-iasc, an fheoil, an cháis, uibheacha, pónairí, &rl)

• Bia cosanta is ea na vitimíní agus na mianraí (torthaí,glasraí, gránaigh, bainne, arán, &rl)

• Áis iompair don bhia is ea an t-uisce.

Page 6: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

4

Tá an ithir á lot agus is é an duineféin a chruthaigh na fásaigh nuaseo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil glanadhiomlán na gcrann ina measc. Tá anméid seo le rá faoin scéal agJoseph Awann, oibrí coille: “Níl anSahára ag leathnú ó dheas. Tá séá tharraingt ó dheas againn.”

San Eoraip, sa Rúis, sna stáit sin abhíodh mar chuid den AontasSóibhéadach tráth, i MeiriceáThuaidh agus i limistéir áirithe iMeiriceá Theas, san Afraic Theasagus san Astráil, is le cabhairinnealra a dhéantar anfheirmeoireacht. I ndeisceart agusin Oirthear na hÁise is le huirlisísimplí láimhe a dhéantar an chuidis mó den obair. Mar sin féinsaothraíonn siad dhá bharr den rísgan scilligeadh in aghaidh na bliana.

Is mar chothú donchlann is mó a fhástarna barra, ach igcásanna áirithefástar go leor bia,mar shampla ancócó, an olaphailme agus anphís talún le díolsna margaíáitiúla.

Tá na limistéira dhéantar ashaothrú arbhonn mírialtasuite gar do naforaoiseachateochriosacha.Anseo glanannan duine antalamh de réir mar a bhíonn gá

leis. Ach chomh maith,glantar agus saothraítearréimsí níos mó ar bhonngnó chun rubar, tobac,

siúcra, tae, ola phailme aguscócó a tháirgeadh. Tá an chuid

is mó d’adhmad bog andomhain le fáil sna limistéir atáfaoi fhoraoisí buaircíní: an ghiúis,an phéinn agus an ghiúis Ghallda.Tá caoi á coimeád ar chuid de naforaoisí agus forbairt á déanamhorthu.

Is féidir le heallach agus lecaoirigh iníor ar shleasa na gcnoc,ar an talamh féaraigh agus sascrobarnach, agus is féidir caoi achoimeád ar na limistéir seo gonádúrtha. Is féidir raon leathanbarr, mar shampla an t-arbharIndiach, an muiléad, an cadás, ansiúcra agus na cnónna talún a fhás

I láthair na huaire tábeagáinín sa bhreis aran deichiú cuid dethalamh an domhainá saothrú – níl ansinach beagán beag oscionn 0.2 heachtár(0.5 acra) do gachduine.

Taispeánann anléarscáil dáileadhginearálta na réimsíatá faoi phlandaí:réimsí ar glanadh anfásra nádúrtha díobh,agus ansin gursaothraíodh antalamh le haghaidhbia agus barrsodhíolta, marshampla snáithíní,cadás agus rubar;réimsí ina bhfuil anfásra nádúrtha áúsáid agus áfhorbairt; agus réimsíatá fós sa staidnádúrtha agus gurbeag fásra atá iontu,má tá aon rud in aon chor.

Talamh na Cruinne

Page 7: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

5

sa talamh féaraightheochriosach. Is é an

t-arbhar anpríomhbharr sna réigiúinmheasartha.

Is mór idir na córaisfeirmeoireachta ó thír go tír. SnaStáit Aontaithe tá 2,500,000 duine(3% de na hoibrithe ar fad)fostaithe i dtionscail natalmhaíochta. Os a choinne sin,fásann 370,000,000 duine (50% dena hoibrithe) dóthain bia agus

farasbarr ináiteanna áirithe,don daonra iomlán.

Níl ach an ceathrú cuidde bhia an domhain átháirgeadh le cabhair theicneo-laíochtaí na heolaíochta, agusmodhanna feabhsaithe á n-úsáidsa talmhaíocht. Tá na modhannaseo á gcur chun cinn agus á n-úsáid níos forleithne ar fud andomhain inniu. Is iad an t-uisciúagus caomhnú an uisce namodhanna is tábhachtaí díobh seo.

Baintear úsáid as an teicneo-laíocht chun:

• Feabhas a chur ar raonfairsing de shíolta.

• Torthúlacht na hithreach achothú.

• Crainn a chur agus foraoisí achaomhnú.

• Dramhaíl ó ábhair nádúrthaa úsáid mar leasú.

• Úsáid an leasaithe thacair amhéadú.

• Feabhas a chur ar uirlisí agusar innealra feirme.

• Talamh gharbh a thabhairtchun míntíreachais.

• Péisteanna díobhálacha asmachtú.

Pé maith, olc an toradh abheidh air, tá níos mósmachta agus tionchair agan duine ar thalamh nacruinne is é ag baint úsáideas na modhanna agus as nascileanna traidisiúnta seo.

• Barra nua a chur, achuirfeadh raon níos fairsingeagus níos folláine bia ar fáilagus a dhéanfadh laghdú arna cásanna ina mbeadh tír agbrath ar aon bharr amháin(mar shampla, An Gorta Mórin Éirinn 1845-1848).

EOCHAIR DON LÉARSCÁIL

Dianshaothrú

Saothrú tánaisteach

Foraoisí báistí

Foraoisí buaircíní

Sléibhte

Talamh féaraigh

Fásach

Oighearchaidhp agus tundra

Page 8: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

6

Chuir an streachailt le haghaidh na hAfraice alltacht ar gach duine. Taobhistigh de 36 bliana (1876-1912) fuair an Eoraip smacht ar an Mór-Roinn ar fad,nach mór; san áireamh anseo bhí 30 coilíneacht nua, limistéar 10 milliún mílecearnach talún agus 110 milliún géillsineach nua. Gearradh an Afraic ina slisíníidir seacht náisiún a bhí i gcoimhlint lena chéile: An Ghearmáin, An Iodáil, AnPhortaingéil, An Fhrainc, An Bhreatain Mhór, An Spáinn agus an Bheilg.

An Streachailt le haghaidh na hAfraice

Faoin mbliain 1900 bhí na tíortha seo snahadharca ar a chéile agus as an achrann sinar fad d’eascair Cogadh Mór na mblianta1914-1918. D’fhág an tslí ina ndearnadhfionnachtain agus sealbhú ar an Afraicbuaniarmhairt thromchúiseach a bhfuiltionchar aici ar shaol mhuintir na hAfraice inniu.

Cúis iontais chomh mór céanna ab ea an tóirte reatha as an Afraic i rith na deichmbliana 1957-1967. Fágadh cuid mhaith dena tíortha i ndrochstaid chearteacnamaíochta is polaitíochta. Agus an císteá roinnt ní dhearnadh aon mhachnamh arna tailte sin ar leis na treibheanna éagsúlaiad, ar theorainneacha a bhí ann riamh, náar theacht a bheith ag an muintir sheanbhu-naithe ar mhaoin nádúrtha. Bhí cumhachtaímóra na hEorpa ina máistrí go huile is gohiomlán is “an tráchtáil, an tsibhialtachtagus an Chríostaíocht á mbreith leo acu donMhór-Roinn dhorcha”.

Tá anois 47 dtír neamhspleácha ar mhór-roinn na hAfraice, ach i gcuid mhaith de nacásanna níl acu ach neamhspleáchaspolaitiúil. Tá maoin na hAfraice á húsáidagus á heaspórtáil gan phróiseáil dá laghaddéanta uirthi, agus mar sin is iad na tíorthais mó a bhfuil gá acu leo, is lú a bhaineannleas astu. Fad a bhí “an tráchtáil, an tsibhial-tacht agus an Chríostaíocht á mbreith donAfraic” ag na seacht gcumhachtaí móra bhí“an ghabháil” mar aidhm acu freisin.

TUNISIA

An Afraic taréis nastreacailte

Britain

France

Belgium

Germany

Spain

Italy

Portugal

Independent

Page 9: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

7

Cleachtadh Duit

1. Ar léarscáil 1912 pioc amach na tíortha a rinnecoilíniú ar an Afraic san ord 1-7 (ó na limistéir bamhó síos go dtí na cinn ba lú a bhí faoi smacht acu)

2. Ainmnigh cúig tháirge a thagann chugainn ón Afraic gan anphróiseáil is lú déanta orthu.

3. Ainmnigh cúig cinn de tháirgí ( agus a marcanna déantúis) ambainimid úsáid astu nó a ithimid ar bhonn rialta, agus gur ónAfraic a thagann a mbunábhair.

4. Ag baint úsáide duit as léarscáil na hAfraice mar atá sí anois,pioc amach sé thír a bhfuil ainmneacha orthu anois atá difriúil óna hainmneacha a chonaic tú orthu ar léarscáil 1912.

5. Ag baint úsáide duit as nualéarscáil na hAfraice, ainmnigh séthír atá le fáil ann anois, nach bhfuil le feiceáil ar léarscáil 1912.

Bronnadh neamhspleáchas polaitiúil ar angcuid ba mhó de thíortha na hAfraice 40bliain nó níos mó ó shin, ach tá greim dochtfós á choimeád ar gheilleagar, ar fhoinsícumhachta agus ar dheiseanna trádála nadtíortha seo.

Tá fás ollmhór tar éis teacht ar dhaonra nahAfraice, ó 110 milliún duine i 1900 go dtí 1bhilliún, nach mór, i 2002. Toisc brú breise abheith ar thalamh agus ar fhoinsícumhachta na hAfraice tá gá ag na daoinele líon níos mó de na hábhair atá ar fáildóibh, agus an cumas chun an úsáid is fearra bhaint astu.

Tá comhoibriú níos fearr anois ná mar abhíodh idir cheannairí polaitíochta nahAfraice, agus tá siad tar éis ceangaileacnamaíochta, pholaitiúla agus chultúrthaatá i bhfad níos láidre a fhorbairt eatarthuféin. Ach tá comhaontuithe traidisiúntatrádála fós i bhfeidhm agus cuireann seoceangal na gcúig gcaol orthu. Mar sin nílaon smacht acu ar cad a tharlóidh donAfraic sa todhchaí, todhchaí atá fós go mórtrína chéile, agus is trua sin.

Page 10: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

8

De ghnáth bíonn níos lú ná 1heachtár (2.4 acra) d’achar aggach feirm. Tá fofheirmeoirdíobh a mbeadh péire damh nócéachta aige ach de ghnáth níbhíonn acu ach grafóga chun antalamh a shaothrú. Is iad napríomhbharra a bhíonn á bhfásacu ná an teif (arbhar áitiúil), aneorna, an chruithneacht, an t-arbhar Indiach, an sorgam agus“enset” (atá gaolmhar leis anmbanana).

Ó thaobh na talmhaíochta de, isé an caife an barr is mó andéantar easpórtáil air. Fástar arfheirmeacha beaga é, agus is asa ghintear 60% den teachtisteach ó easpórtálacha sa tír.Tír dhúchais phlanda an chaifeis ea an Aetóip. Is beag mianraaitheanta atá san Aetóip agusníl ach fíorbheagán forbarthationsclaíochta tar éis tarlú sa tír.Is beag post atá ann do dhaoine

An Aetóip

LAKE VICTORIA

LAKE KYOGA

CAIRO

ASWAN HIGH DAM

LAKE NASSER

KHARTOUM

LAKE TANA

LAKE ALBERT

DEMOCRATICREPUBLIC

OF CONGO

lasmuigh den talmhaíocht. Tároinnt monarchana beaga ann asholáthraíonn earraí: bróga,boinn, déantúis bhia agus éadaí.

Cuireann tuairim is 20% demhuintir na hAetóipe fúthu snabailte móra agus tá caighdeánmaireachtála níos airde acusan.Meastar go bhfuil an Aetóip archeann de na deich dtír isboichte ar domhan, agus tá siadann, fiú amháin, a deir go bhfuilan tír ag bun an liosta. Tá sí archeann de na tíortha is lúforbairt ar domhan. Tá 38% dedhaonra na tíre gan léamh, ganscríobh. Níl ach aon dochtúiramháin le haghaidh 79,000duine, agus sin an ráta is measaar domhan. As gach 1000leanbh a shaolaítear, cailltear125 agus iad ina naíonáin.Cuireann an gorta go mór leisan éileamh ar chóir leighis.

(Tharla an gorta ba dhéanaí sabhliain 2003.)

Tá an Aetóip difriúil ó thíorthaeile san Afraic mar is náisiún í lebreis is 2,000 bliain. Bhí sí láidira dóthain chun an fód asheasamh i gcoinne nanIodálach nuair a bhí “AnStreachailt Mhór le haghaidh nahAfraice” ar siúl. Is tír í a bhísuaite go maith ó thaobh napolaitíochta de, agus é inachogadh go ceann 39 mblianaidir í agus an ‘Eritrean People’sLiberation Front’. Tháinigdeireadh leis seo nuair a bhainEritrea neamhspleáchas amachsa bhliain 1993, ach síocháinmhíshuaimhneach atá ann, agustá iarmhairt an chogaidh fós lebrath san áit. Ta breis is leath demhuintir na hAetóipe ag brathar chabhair bhia idirnáisiúntachun fanacht beo.

Ceann de na tíortha is mó san Afraic is ea an Aetóip agus achar 1.12 mhilliúnkm2 aici. Talamh shléibhtiúil atá inti, den chuid is mó, agus í ag ardú suas go4,000 m. Síneann an talamh le fána don Chéinia sa deisceart agus i dtreoGhaineamhlach Ogaden agus na Somáile san oirthear.

Is iad na príomhaibhneacha sa tír ná an Níl Ghorm agus an Awash, dhá abhainn a mbaintear úsáid astu le

haghaidh uiscithe. San Iarthar is mó a thiteann an bháisteach, ach ní féidir brath uirthi i gcónaí. Uaireanta,

teipeann ar na barra de bharr an triomaigh; uaireanta eile scuabann an bháisteach throm an ithir de shleasa na

gcnoc agus laghdaíonn sé seo an t-achar talún inar féidir barra a fhás. Cónaíonn an chuid is mó de mhuintir na

hAetóipe i gclannbhuíonta, iad ag cur fúthu i suas le fiche bothán gan uisce reatha acu ná leictreachas, agus iad

go minic na mílte ón siopa nó ón ionad cúram sláinte is giorra dóibh. Bíonn orthu an chuid is mó dá gcuid

riachtanas bunúsach féin a sholáthar.

Page 11: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

9

Feirmeoir lena thréad, Laibela, An Aetóip

Príomh Bharra

• Arbhar (Teff agus sorgam)

• Eorna

• Cruithneacht

• Bananaí (enset)

• Caifé

Page 12: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

10

Ó 1987 i leith tá Self Help tar éis scéim fhorbartha a bhfuil éirithe thar barr léi achur chun cinn i gceantair thuaithe. Is iad na cúiseanna gur éirigh chomh maith sinléi ná: ghlac an mhuintir ar dhíobh í páirt sa scéim, tá sí bunaithe ar an bpáirtíocht,tá tuairimíocht nua agus modhanna nua oibre á n-úsáid, agus tá na fir is na mnáar comhchéim lena chéile agus beidh siad amhlaidh go buan; tugtar ceannaireachtagus oiliúint, agus is córas é a bhfuil a thús, a dheireadh agus an tabhairt ar láimhdon chosmhuintir, mínithe go cruinn.

Imeachtaí agus Spriocanna

1. Tairgeadh na mBarr

Is iad na barra is mó a fhástar i nDúicheSódó ná teif, cruithneacht, eorna, arbharIndiach, caife agus glasraí éagsúla. Toisc antriomach a bheith ann go rialta agus antalamh a bheith bocht is deacair gránbharraagus glasraí a fhás. Ní bhíonn fáil ar an leasútalún, ar an bpéistnimh ná ar anbhfeithidnimh nuair a bhíonn gá leo. Dámb’fhéidir cabhair a thabhairt d’fheirmeoirílámh a leagan ar shíolta agus ar leasuithetacair níos fearr, bheadh soláthar níos móbia agus raon níos leithne barr ar fáil. Is iadna príomhaidhmeanna, mar sin, ná cabhrúleis na feirmeoirí chun péistnimheanna níosfearr a cheannach, córas uiscithe agus réimseníos leithne barr a chur ar fáil. Is é an pleananois ná enset, caife agus glasraí a mbeidhar a gcumas cur i gcoinne an triomaigh, afhás.

Táirgeadh Caifé

Ceann de na barra is mó a bhfuil airgeadtirim le déanamh astu san Aetóip is ea ancaife. Teastaíonn ó na feirmeoirí i nDúthaighSódó níos mó caife a fhás. Is í aidhm antionscnaimh ná 300,000 síolta caife a

Cás-staidéar 1: Córas Tacaíochta d’fheirmeoirí na hAetóipe

Suíomh; Dodota in Oir-Deisceart na hAetóipe.

Groupa: 113,307 duine a fuairtacaíocht.

Buiséad: Iomlán , Birr 10,949,950.(10Birr = €1)

Fad: Cúig Bhliain ag tosnú i 2001.

Tá go lear imeachtaí sa tionscnamh seoach sa leabhar seo beimid ag diriúisteach ar, solathar bia agus uisciú.

tháirgeadh agus a dháileadh gach aonbhliain.

Táirgeadh Enset

Planda is ea an enset ar féidir leis antriomach a sheasamh agus tá sé ar cheannde phríomhbhianna mhuintir Sódó.Déanfar plandaí enset a dháileadh amachagus a chur i limistéir a bhfuil titim ísealbháistí iontu, maraon le hithir oiriúnach.Déanfar 100,000 plandaí beaga enset abhailiú ó na máthairphlandaí agus adháileadh amach ar fheirmeoirí gach bliain.Cuirfear plandlanna enset ar bun asholáthróidh síolta d’fheirmeoirí a bhfuilsuim acu ina leithéid.

Táirgeadh Barra Gairneoireachta

Is beag áit i limistéir an tionscnaimh inabhfaighfeá barra gairneoireachta (cabáiste,cairéid, oinniúin, trátaí, &rl) á bhfás marchuid de réim bia na clainne, agus le díol.Tabharfar na barra seo isteach aguscuirfear chun cinn iad.

Mionscéimeanna Uiscithe

Cuirfear dhá scéim uiscithe, 40 heachtár ingach ceann acu (80 heachtár ar fad) ar bun i rith na gcúig bliana. De bharr nascéimeanna seo soláthrófar glasraí agus

Feirmeoir, Dodota, An Aetóip

Page 13: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

11

crainn toraidh ionas gur féidir poist achruthú do na daoine.

2. Comharchumainn a Bhunú

Cabhrófar leis na feirmeoirí a gcuidcomharchumann féin a bhunú. Beidh nacomharchumainn seo bunaithe arpháirtíocht idir fheirmeoirí agus tháirgeoiríglasraí is torthaí, a roinnfidh eatarthu an t-uisce ón gcóras uiscithe.

Is iad na príomhbharra glasraí a bheidh annná trátaí, piobair, oinniúin, prátaí, cairéidagus cál. Soláthróidh an tionscnamh caidéil

Cleachtadh don DaltaTugadh samplaí duit de dhághníomhaíocht a ndéanfarfreastal orthu faointionscnamh seo.

Tabhair do thuairim faoighníomhaíocht thábhachtacheile arbh fhéidir tabhairtfúithi. Mínigh an fáth arphioc tú an ceann áiritheseo, agus taispeáin conas achuirfí i gcrích í.

uiscithe, síolta glasraí, píobáin agus síoltacrainn torthaí.

Scileanna Bainistíochta

Cabhrófar leo siúd ar dóibh an scéim a gcuidscileanna bainistíochta a fhorbairt i dtreo isgo mbeidh ar a gcumas na scéimeanna areáchtáil i gcomhar leis an RoinnTalmhaíochta agus le foireann antionscnaimh.

Bateri Berbo lena barr cabáiste,Cumann Uiscithe Glasraí Odo, Mehi, An Aetóip

Page 14: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

12

Tá an t-uisce riachtanachdo gach sórt bia. Tá an t-éileamh ar uiscetimpeall an domhain agfás i gcónaí. Tá daonrana cruinne ag méadú achtá an méid uisce atá arfáil ag laghdú de bharrtruaillithe. Beidh an t-éileamh ar uisce sna cathrachaagus sna bailte móra i dtíortha faoifhorbairt ag méadú sna blianta beaga atáromhainn amach. Tá leibhéil an uisce agtitim in aibhneacha, i lochanna agus idtaiscumair. Faigheann feirmeoirí uisce tríphíobáin ó thobair éagsúla, trí scéimeannauisce, trí spraeáil na mbarr agus trí

mhodhanna éagsúla eile. De réir mar aéiríonn foinsí an uisce gann is iad na bochtaagus iad siúd atá lag sa phobal is túisce agusis mó a bhíonn thíos leis.

De réir mar shásaítear an t-éileamh ar uiscesna cathracha agus sna bailte móra, bíonnníos lú de ar fáil le haghaidh natalmhaíochta. Tá taithí ag luchttalmhaíochta ar dhóthain uisce agus é saorgo maith sna ceantair a bhfuil uisciú ar siúliontu. Le fiche nó tríocha bliain anuas tá anméid bia atá á fhás tar éis ardú go mór toiscplandaí a thugann barr raidhsiúil a bheith án-úsáid, agus toisc úsáid na leasuithe tacaira bheith níos forleithne.

Leis an bhfás atá tagtha ar dhaonraí, agusmar go bhfuil daoine ag bogadh isteach snacathracha tá dúshlán nua ar an bhfód anois.Conas is féidir an dá thrá a fhreastal idir nafeirmeoirí a bhfuil gá acu le huisce chun anméid bia atá ag teastáil a fhás, agus an t-

éileamh atá ar an uisce céanna snacathracha? Nuair a chuirtear brú ar rialtasdéileáil le héilimh atá ag teacht salach ar achéile, is ag lucht na cathrach, a chuireann agcás go hardghlórach, a bhíonn an lá. Conasmar a bhíonn ag na feirmeoirí agus ag natáirgeoirí bia ansin?

Caithfear iarrachtaí níos mó a dhéanamhchun an leas is mó a bhaint as a bhfuil ar fáili lathair na huaire. Slí amháin chun é seo adhéanamh ná níos lú uisce a chur amú. Marshampla, beireann an braonuisciú an t-uiscedíreach go dtí fréamhacha an phlandaseachas an gort ar fad a bhá. Cinntíonn séseo go dtéann 95% den uisce díreach donphlanda, agus tagann méadú de suas le 90%ar an méid bia a tháirgtear thar mar adhéantaí nuair a bhíodh na modhannatraidisiúnta á n-úsáid. Caithfear forbairt adhéanamh ar shaghasanna nua síolta agus arbharra nach mbíonn gá acu leis an oiread sinuisce, agus a bheidh ábalta an triomach a

Uisce: Tábhacht an uisce chun todhcaí an bhia a chinntiú

Page 15: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

13

sheasamh. Ach nuair a bheidh an nuafhor-bairt seo ar siúl caithfear aird a thabhairt arna modhanna agus ar an eolas traidisiúntaatá sa phobal. Ní féidir neamhaird adhéanamh den toradh atá ag na forbairtínua seo ar an timpeallacht, de nahathruithe a thiocfaidh ar shlabhra an bhiadá mbarr, ná den tionchar a bheidh acu arshláinte an phobail.

Slí níos simplí fós chun uisce a spáráil ná ganan oiread sin feola a ithe. Úsáideann anbeostoc méid mór fásra chun méid beagfeola a chur suas. Mar sin tá gá le i bhfadÉireann níos mó uisce chun 1 kg feola atháirgeadh ná chun 1 kg d’arbhar a fhás.

Modh eile atá ann ná uisce a bhailiú, (féachLeabhar I “Uisce”, lch 11). Déan córais athógáil chun breith ar an uisce, cuir idtaiscumair é agus ansin beir amach ar nagoirt é. “Tá ré an uiscithe tar éis nafeirmeoirí beaga, bochta, a bhfuil

feirmeacha 2 heachtár nó níos lú acu asheachaint ar fad”, a deir Sandr Postel óntionscnamh Global Water Policy. “Caithfearcórais atá níos simplí agus níos saoire a churar bun.”

Tugann Kofi Annan (Rúnaí Ginearálta NaNáisiún Aontaithe) an gríosadh seo a leanas:“Bíodh Réabhlóid Ghorm i gcúrsaítalmhaíochta, réabhlóid a bheidh dírithe ibhfad níos mó ar an méid bia is féidir atháirgeadh as aonad amháin uisce. Barr níosmó in aghaidh an bhraoin.”

Tá an bhéim ar mhórchuid a fháil ónmbeagán. Caithfidh méadú 60% a theachtar tháirgiúlacht uisce sna scéimeannauiscithe atá ar bun, agus ardú 35% satalmhaíocht sin atá ag brath ar anmbáisteach sna 20 bliain atá romhainnamach. Tá gá le barra níos fearr ar fud andomhain ach ní leor sin amháin.

“Caithfidh athrú mór a theacht ar an méidcarbaihíodráití is féidir linn a tháirgeadh inaghaidh gach aonaid uisce”, a deir WayneMeyer ón Roinn Talún agus Uisce, sanAstráil. “Caithfear an tábhacht chéanna abheith ag siúl leis seo agus a bheadh le feara chur ar an ngealach”.

Caithfear é a dhéanamh ar shlí a chuireanndeireadh leis an mbochtaineacht, go mbeidhna buntáistí a thiocfaidh dá bharr ar fáil dona daoine ar fad. Caithfidh sé níos mó aire adhíriú ar riachtanais na ndaoine eile aúsáideann an t-uisce. Caithfimid modhannaa leagan síos, ar bhonn domhanda, achuirfidh ar ár gcumas, i dteannta a chéile,an t-uisce a roinnt go cothrom ar antalmhaíocht agus ar an dúlra, ar antionsclaíocht agus ar an teaghlach; sinn agobair as lámha a chéile in ionad bheith agiomaíocht lena chéile nó ag troid.

Gníomhaíocht don Dalta

Faigh amach cá mhéad uisce a úsáideanntú in aon lá amháin. Bain úsáid as antábla anseo thíos mar chabhair duit féin.

Gloiní Uisce 4 ghloine = 1 líotar

Deochanna Boga 3 channa = 1 líotar

Sruthlú an leithris 10 líotar gach turas

Cupáin tae/caifé 5 chupán = 1 líotar

Folcadh 80 líotar

Cithfholcadh 40 líotar

Scuabadh fiacla 3 líotar

Éadaí a ní 20 líotar Poll éisc sráidbhaile Aojobule, Asamuk, Uganda

Page 16: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

14

Is í an Níl an abhainn is faide ar domhan. Is iad an dá phríomhfhoinse atá aici ná nalochanna atá suite gar don mheánchiorcal, agus garbhchríocha na hAetóipe. Bailíonnna lochanna a gcuid uisce ón mbáisteach a thiteann ó cheann ceann na bliana arShaorstát Daonlathach an Chongó, ar an Tansáin, ar Ruanda, ar an mBurúin, arUganda agus ar an gCéinia. Cothaíonn an t-uisce ó gharbhchríocha na hAetóipe tríphríomhabhainn: An Sobat, An Níl Ghorm agus an Atbara.

Meastar, faoin mbliain 2025, go mbeidhdaonra na habhann seo dúbailte ón 300milliún a bhí aici sa bhliain 2000. Tá brú áchur ar an stór uisce de dheasca riachtanasóil agus níocháin, toisc dífhoraoisiú a bheithar siúl, agus tríd an uisciú is gá le bia atháirgeadh.

Tá an t-uisce riachtanach don bheatha agusdo shláinte an phobail. Athraíonn ancéatadán den daonra ar féidir leo uisceglan, sábháilte a fháil ó 18% san Aetóip go86% san Éigipt. Agus rachaidh an t-éileamhar uisce i méid go mór.

Tá an t-uisce riachtanach le bia atháirgeadh. Níl na modhanna uiscitheéifeachtach agus úsáidtear 90% den uisce athógtar ón Níl don talmhaíocht. Marshampla, tógann sé 1000 tonna uisce chun 1thonna cruithneachta a fhás agus bíonn gálena dhá oiread sin d’fhás na ríse. Níl fás anbhia sa réigiún ábalta coimeád suas leis anbhfás sa daonra. Sna tíortha ar fad saréigiún, taobh amuigh den Éigipt, tá titimollmhór tagtha ar an méid bia in aghaidh anduine a tháirgtear. Cás eisceachtúil ar fad isea cás na hAetóipe, ach níl sa mhéid bia inaghaidh an duine atá anois ar fáil ann, achan ceathrú cuid dá raibh ann 20 bliain óshin. Tá sé thar a bheith tábhachtachdeimhin a dhéanamh de go mbeidh dóthainuisce ann chun bia a fhás do phobal atá ar

Abhainn na Níle: Foinse na beatha; foinse buartha is coimhlinte

mhíchothú cheana féin. Tá sé fíordheacairan fhadhb seo a réiteach, áfach.

Bíonn gá le breis uisce ag daonra atá ag fási gcónaí. Tá an méid uisce atá ar fáil aglaghdú, ar chúiseanna nádúrtha agus archúiseanna a bhaineann leis an duine féin.Tá seifteanna ann chun an fhadhb seo aréiteach ach níl dóthain airgid ann chun iada chur i gcrích. Tá roinnt dambaí aguscanálacha á dtógáil san Éigipt.

I mórchuid tíortha tá sé deacair airgead afháil ó iasachtóirí idirnáisiúnta, toisc drochri-altais a bheith acu agus cogaí cathartha abheith ar siúl iontu. Tá fadhbanna annfreisin a bhaineann le damáiste dontimpeallacht le linn do dhaoine bheith agiarraidh fadhb sholáthar an uisce a réiteach.

Cuireann daoine isteach ar an stór uiscenuair a bhíonn dífhoraoisiú ar siúl acu.Glantar siar na crainn chun talamh ar féidir ía shaothrú a chur ar fáil, chun bealachisteach a dhéanamh chuig ábhar tine, aguschun tithe a thógáil. Tá na limistéir faoifhoraois in abhantrach na Níle ag cúngú agráta 1% in aghaidh na bliana. Má leanannna rátaí mar atá ní bheidh rian d’fhoraoissan Aetóip faoin mbliain 2025. (Féach an t-alt, “Dífhoraoisiú” sa leabhar seo).

Níl aon eagras oifigiúil ann chun gnóthaí ariar d’abhantrach na Níle, dá chraobhaibh-

LAKE VICTORIA

LAKE KYOGA

CAIRO

ASWAN HIGH DAM

LAKE NASSER

KHARTOUM

LAKE TANA

LAKE ALBERT

DEMOCRATICREPUBLIC

OF CONGO

Page 17: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

15

neacha agus dá chuid lochanna. Tácomhaontuithe ann a rinneadh idir thíorthaáirithe. Síníodh cuid de na seanchonarthaítamall maith de bhlianta ó shin agus bhronnsiadsan an smacht ar an abhainn, agus aracmhainní eile, ar chomhlachtaí agus arrialtais iasachta.

Ceacht atá le foghlaim againn ón stair is eanach gcloítear go daingean le rialachaidirnáisiúnta. Tá an daonra ag fás ach níl ansoláthar uisce. Ciallaíonn sé seo go mbeidhcogaí ann faoi uisce, luath nó mall. Beidh arna rialtais éagsúla suí síos lena chéile agusplean a leagan amach ina mbeidh ar gachduine íobairtí a dhéanamh ach gur fearr asa bheidh gach duine dá bharr. Tá seodéanta cheana ag na tíortha in abhantrachna Níle. Tá ceachtanna le foghlaim ón stair,agus tuar dóchais is ea forbairt na teicneolaíochta is na modhanna nua. Tá na modhanna réitigh ann agus caithfearteacht orthu.

Ceisteanna1. Cén fáth abhfuil an oiread sintábhachta ag baint lehAbhainn na Níle dáoiread sin daoine?

2. Cén fáth a bhfuil sí inacúis achrainn chomh mórsin?

3. Conas is féidir nafadhbanna a réiteach?

4. Conas a bheidhabhantrach na Níle sabhliain 2020, dar leat?

Córas caidéalaithe uisce, Kerem, Eritrea

Page 18: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

16

An Dífhoraoisiú, Kerem, Eritrea

Page 19: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

17

Bagairt mhór don domhan i láthair na huaireis ea an dífhoraoisiú. Tá leath de na foraoisíbáistí imithe cheana féin agus is díothú iomlánatá i ndán don chuid eile acu amach anseo.Gan limistéir fhairsinge foraoise ann is é an básatá i ndán don domhan. Soláthraíonn foraoisbháistí na hAmasóine an cúigiú cuid denocsaigin a bhíonn á hanálú againn.

Cúis mhór amháin leis an dífhoraoisiú is eana fiacha idirnáisiúnta, a bhfuil €1.3 trilliúndíobh ann i láthair na huaire. Is minic gurbiad na tíortha a bhfuil na fiacha is mó orthuna tíortha a bhfuil na foraoisí báistí is móacu freisin. Cuirtear faoi bhrú iad a gcuidforaoisí a ghearradh síos chun na haisío-caíochtaí a dhéanamh, agus ina ainneoin sinis i méid a théann na fiacha ó bhliain gobliain. Cúis eile is ea daonra na dtíortha seoa bheith ag fás. Glantar siar breis talún chunbia a fhás agus chun éileamh na ndaoine arábhar tine a shásamh. Tá 90% d’fhoraoisí nahAetóipe imithe cheana féin agus taobhistigh de 10 mbliana eile beidh adhmad áiompórtáil chun cúram a dhéanamh dágcuid riachtanas.

Maíonn Eagras Bia is Talmhaíochta NaNáisiún Aontaithe gurb iad anrainseoireacht agus tionscal na gcrann nacúiseanna is mó le dífhoraoisiú. Glanannfeirmeoirí beaga a gcuid talún siar chunbarra a fhás a mbeidh díol orthu láithreachar airgead tirim. Is iad na barra is mó is fiútrácht orthu anseo ná na cinn atá marbhunábhar do mhargadh idirnáisiúnta nandrugaí. Tá limistéir mhóra foraoise ánglanadh siar chun cócó a fhás le haghaidh‘crack’ agus cócaoin, agus poipíní donhearóin. Is féidir 4,000% brabús adhéanamh ar na barra seo ón uair afhágann siad na tíortha faoi fhorbairt go dtígo ndíoltar iad ar mhargaí na hEorpa.

Dífhoraoisiú Déantar rainseoireacht ar thalamhshaothraithe a bhíodh faoi fhoraoisí báistítráth. Glanann na rainseoirí siar limistéirmhóra do thalamh féaraigh dá gcuideallaigh. Tá an fheoil a tháirgtearróchostasach don phobal áitiúil, mar sindéantar í a easpórtáil an chuid is mó den amchun burgair a chur ar fáil do thionscal anmhearbhia, agus chun bia do pheataí adhéanamh.

Caitear €14 bhilliún in aghaidh na bliana satroid i gcoinne an ghorta sa domhan; tá ?17mbilliún á chaitheamh ar bhia do pheataígach bliain san Eoraip agus i Stáit AontaitheMheiriceá.

Iarmhairtí

Is geall le humair carbóin iad na foraoisí samhéid is go stórálann na crainn mórchuidan charbóin a choimeádtar amach as anatmaisféar dá bharr. Mar shampla, táheachtár amháin d’fhoraois in ann 10dtonna d’ocsaíd charbóin a shú amach as anatmaisféar gach bliain. Nuair a ghearrtarsíos crainn agus nuair a dhéantar an t-adhmad a dhó, scaoiltear carbón isteach sanatmaisféar. Gineann sé seo teas a ndéantarfrithchaitheamh ar ais don domhan air, marnach bhfuil aon bhealach éalaithe anoisaige. Agus is é seo is cúis le téamh nacruinne. De dheasca théamh seo na cruinneleánn oighear chaipíní na mol agusardaíonn seo leibhéal an uisce sna farraigí.Má leanann an t-athrú seo atá ag teacht arleibhéal na farraige beidh ardú de 1.5mhéadar sna 40 bliain atá romhainn. Níbheidh na hacmhainní ag na tíortha bochtachun iad féin a chosaint ar na hathruitheseo. (Féach Leabhar I - “Uisce”, lch 18)

An Bháisteach Aigéadach

Tá na breoslaí iontaiseacha (an ola, anpeitreal, an gás, an mhóin agus an ghual) án-úsáid go tiubh timpeall an domhain.Scaoileann an breosla seo ocsaíd nítrigineagus dé-ocsaíd sulfair isteach san aer.Déanann sé seo aigéad den bháisteach, den

cheo, den fhlichshneachta agus densneachta. Téann an t-aigéad seo i bhfeidhmar fhoraoisí, ar aibhneacha agus ar lochannatimpeall an domhain. Titeann báisteach atáchomh haigéadach le sú líomóide aráiteanna san Iorua gach bliain. Tádrochstaid cheart ar 80% de na lochanna isde na srutháin i ndeisceart na tíre, iadbásaithe go teicniúil, fiú amháin. Is é anscéal céanna é ag tíortha Eorpacha eile, anPhólainn, An Ghearmáin agus an Eilbhéisina measc. Tá drochiarmhairtí le feiceáil ar abhfuil á dhéanamh againn, agus tá scriosceart déanta againn ar ár gcuid maoinenádúrtha. Cinnteoidh an dá rud sin gobhfuil tubaiste imshaoil i ndán dúinn.Dealraíonn sé anois nach bhfuil ann achceist ama mura n-athraímid ár ndearcadh isár gcuid nósanna. An bhfuil an dara roghaagainn?

Cleachtadhdon Dalta1. An bhfuil ar dochumas cúig tháirgea aithint a thagann chugainnó na foraoisí báistí (earraítroscáin is mó atá i gceist).

2. Conas a théann tionscal anmhearbhia i bhfeidhm ar naforaoisí báistí?

3. Mínigh cad is cúis leis anmbáisteach aigéadach.

4. Tabhair sampla amháineile d’iarmhairt dhomhandaa bheadh ar an dífhoraoisiú.

5. Conas is féidir leis anduine aonair na fadhbanna aeascraíonn ón dífhoraoisiú aréiteach?

Page 20: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

18

Billeog Oibre 1

1. Is beag dár gcuid biainniu atá úr. Déanaimid‘leasú’ ar bhia i mórán slite,m.s. sceallóga reoite.Leasaíonn feirmeoirí sanAfraic an bia trína thriomúfaoin ngrian. Ag féachaintduit ar a bhfuil sa chistinagat féin, faigh amach naslite éagsúla ina ndéanaimidbia a leasú.

2. Cá mhéad grántáirgídifriúla is féidir leat a aimsiúi do chistin sa bhaile, m.s.calóga arbhair?

3. Nuair a chuaigh nacoilínigh i mbunfeirmeoireachta d’fhás siadan cadás in áit na mbarr bia.Déan suirbhé i do rang lefáil amach cad iad nahéadaí a dhéantar as angcadás. An bhfuil éadaícadáis saor nó daor?

4. Sa bhliain 1845 bhí300,000 feirm faoi 2heachtár in Éirinn. Sabhliain 1851 bhí 88,000feirm faoi 2 heachtár sa tír.I 1910 bhí 62,000 de nafeirmeacha seo againn.Taispeáin an t-eolas seo arbharra-chairt.

Cad a tharla le linn namblianta sin a laghdaighuimhir na bhfeirmeachabeaga?

5. Ba iad na prátaí a bhí marréim bia ag an gcuid bamhó de mhuintir nahÉireann sa naoú haoisdéag. Déan liosta de nasaghasanna difriúla bia aitheann tú i gcaitheamh laeamháin agus déancomparáid idir iad agus anméid a mholtar tógáil óthriantán an bhia. Déaniarracht do chuid bia féin achur isteach i ngrúpaí, snaleibhéil a thaispeántar ar antriantán.

6. Cad í an difríocht idir anréim bia atá agatsa agus anréim bia a bheadh agfeoilshéantóir?

Page 21: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

19

In aimsir an choilínithe bhí Uganda réasúntasaibhir. Bhí sí faoi smacht na Breataine achbhí sé de shaoirse aici a gnóthaí féin a riaragus a cuid acmhainní féin a fhorbairt.

Tír thorthúil is ea Uganda, raidhse uisceagus aeráid bhog aici, ach tá creimeadhithreach ag tarlú sa tír agus dífhoraoisiú arsiúl inti. Tá deascáin chopair agus chóbailtaici nach ndearnadh aon saothrú fós orthu.Luíonn an chuid is mó den tír idir an ghéagthiar is an ghéag thoir de chóras an GreatRift Valley. Is réigiún leathan sabhána é seoagus is ann a chónaíonn an pobal mórdeireanach, geall leis, d’éanlaith isd’ainmhithe fiáine ar thailte féaraigh nahAfraice. Síneann an teorainn thoir-theas tríLoch Victoria. Sníonn an Níl siar ó thuaidhtrí lár Uganda. Mar gheall ar na lochanna isar na haibhneacha, tá an aimsir réasúntafionnuar, ach amháin do dhúiche Karamojo,áit nach dtiteann an bháisteach ach gotreallach agus atá ina leathfhásach dá bharr.

Bhain Uganda neamhspleáchas amach ar annaoú lá de Dheireadh Fómhair, 1962. Ag anam sin bhí an céatadán ba mhó san Afraicaici de dhaoine a fuair a gcuid oideachaissan Eoraip agus bhí scoileanna agus ospidéilgo flúirseach sa tír. Laistigh de dheichmbliana bhí sí tite go truamhéalach in umarna haimléise.

Ón tús bhí treibheanna i gcochall a chéileagus réigiúin ag cur catha ar réigiúin eile.Bhí méid áirithe ríochtaí ann, aguscumhacht agus forlámhas ag teastáil ó gachceann acu. Bhí difríochtaí ollmhóra sa tír óthaobh teanga is cultúir de. Is de bharr narudaí seo ar fad a tháinig Idi Amin igcumhacht sa bhliain 1971.

Ba rialtóir cruálach é Amin ón tús agus chuirsé an mhaoin ar fad a bhain le húinéiríiasachta faoina stiúradh féin, agus thugbata agus bóthar as an tír do na hÁisigh goléir, a raibh pasanna Briotanacha acu (luchtgnó ar fad na tíre, nach mór). Cuireadh na

Uganda: “Péarla Na hAfraice”

gnónna seo faoi stiúradhdaoine dúchasacha, daoinenach raibh aon taithí acuar na cúraimí sin, agus níorbh fhada gur thiteacnamaíocht na tíre as a chéile. Meastargur básaíodh idir 100,000 agus 300,000duine go brúidiúil le linn d’Amin bheith igcumhacht. Briseadh Amin as ceannaireachtna tíre tar éis dó iarracht a dhéanamh archuid den Tansáin a ghabháil. Fuair fórsaíJulius Nyerere an lámh in uachtar go bogair, áfach.

Fuair Uganda rialtas daingean, seasmhach sabhliain 1986, nuair a tháinig YoweriMuseveni i gcumhacht. Thit an rátaboilscithe ó 300% i 1987 go 23% i 1994.

Níl ach 20% de mhuintir Uganda ag curfúthu sna bailte móra. Sna ceantair iargúltais beag athrú atá tagtha ar an saol; fásannan chuid is mó de na daoine a gcuid biaféin, tá dlúthcheangal idir lucht aonchlainne agus is féidir fós le muintir nacathrach bia a fháil óna ngaolta faoin tuath.Ní fhástar mórán barr sa tír. Sa deisceart, is éan príomhbhia ná banana glas ar a dtugtar‘matoke’, agus sa tuaisceart is iad anmuiléad agus an sorgam a fhástar.

Tagann 60% den olltáirgeadh náisiúnta óntalmhaíocht agus tá 80% d’oibrithe na tíregafa léi. Feirmeoirí beaga is ea an chuid ismó de mhuintir Uganda. Cuireann siad tae,caife, cadás agus tobac le hairgead tirim athuilleamh, agus le haghaidh bia cuireannsiad na prátaí, an muiléad, an mhin Indiachagus an casabhach. Is é an caife fós an barris tábhachtaí le haghaidh easpórtála iUganda, agus mar nach maith leo bheith agbrath chomh mór sin air, tá an rialtas agiarraidh seifteanna eile a tharraingt chucu.Cheana féin tá fás 7% sa bhliain faoi nationscail seo: an siúcra, an bhríbhéireacht,an tobac, éadaí agus an tsuimint. Tugadhcuireadh do na hÁisigh filleadh ar an tíragus táthar tar éis a gcuid maoine athabhairt ar ais dóibh. Tá an t-iarnród idir

Ceisteanna1. Léirigh conas atá an t-ádhar Uganda maidir le haeráid,le suíomh agus le hacmhainní.

2. Luaigh na difríochtaí óthaobh na heacnamaíochtade, idir réimeanna Idi Aminagus Yoweri Museveni.

3. Ní theastaíonn ó Ugandabheith ag brath ar na barrasin a dhíoltar ar airgeadtirim. Cén fáth?

4. Déan do chárta féin óUganda a dhearadh agus ascríobh chuig cara leat.

Mombasa agus Kampála ag feidhmiú arís taréis na mblianta fada naimhdis idir AnChéinia agus Uganda.

Tá Museveni le héirí as oifig sa bhliain 2006.Tá tionól tofa ann, tionól nach mbaineannle haon pháirtí polaitiúil agus tá a chuidúdaráis ag dul i méid i gcónaí, ach tá eaglaar a lán daoine go gcruthóidh seanchoimh-lintí na dtreibheanna deighiltí arís saphobal, agus fadhbanna eile nach iad. Máfhanann cúrsaí go seasmhach mar atá, agusmá leanann an fás, ansin beimid in annféachaint ar Uganda mar cheann de natíortha is rathúla san Afraic.

LAKE VICTORIA

LAKE KYOGA

CAIRO

ASWAN HIGH DAM

LAKE NASSER

KHARTOUM

LAKE TANA

LAKE ALBERT

DEMOCRATICREPUBLIC

OF CONGO

Page 22: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

20

Chun go n-éireodh le hobair forbartha tá sé ríthábhachtach go mbeadh na daoine ardóibh é páirteach go hiomlán san obair ó thús, go mbeadh smacht acu ar cad atá agtarlú. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbuailfí leo agus go bpléifí riachtanais a bpobailleo. Is ar a gcuid eolais is ar a gcuid scileanna siúd a bhraitheann cad is féidir adhéanamh agus cad iad na tionscnaimh nua is féidir a thosú.

Is bloic thógála don todhchaí iad cumas agus acmhainn na ndaoine. Tá scileanna aguseolas nua riachtanach d’obair na forbartha. Mar go bhfuil na tionscnaimh i lámha nandaoine, braithfidh fás agus fairsingiú na hoibre ar an sochar gearrthéarmach a bheidhle fáil acusan as.

Cás-staidéar 2: Uganda, ag freastal ar na riachtanais bhunúsacha.

Ó 1999 i leith tá Self Help tar éis a chuidiarrachtaí a dhíriú ar freastal a dhéanamh arna riachtanais is simplí agus is bunúsaí atáag na daoine. Ba é an chéad rud a bhí ledéanamh ná bualadh leis na daoine agusiad a chur ag obair ar lámha a chéile. Bhísiad féin i gceannas ó thús agus is fúthu abhí dul chun cinn na hoibre. Is ar a son féinatá siad ag obair agus is leo pé sochar atá lefáil as.

I mí Iúil 1999 thosaigh Self Help arthionscnamh píolótach Asamuk a thabhairtchun cinn i 50 sráidbhaile. Tionscnamh tríbliana atá ann agus tá sé dírithe ar theachtisteach an teaghlaigh a fheabhsú, agus aruisce glan sábháilte a chur ar fáil. Sa chéaddá bhliain rinneadh cuid mhór chun:

• Síolta feabhsaithe na mbarr bia istábhachtaí (casabhach, cnónnatalún, sorgam agus an gram glas) adháileadh ar na daoine.

• Tacaíocht a thabhairt d’aon obair abhfuil teacht isteach á ghiniúint aici.

• Uisce glan, sábháilte a chur ar fáil.

Bia Don Todhchaí

• Cuireadh na síolta feabhsaithe seoar fáil do na daoine: cnónna talún(5,273 chileagram), sorgam (6,310cileagram), an gram glas (1,240cileagram) agus gearróga denchasabhach (1,244 mhála).

• Tógadh ceithre shíolbhanc i bparóistíObur, Asamuk, Ajaki agus Atirir.

• Dáileadh amach meatháin anainnagus gearróga casabhaigh ar nadaoine.

Teacht Isteach a Ghiniúint

• Tacaíodh le 27 ngrúpa a raibh scéiméanlaithe clóis idir lámha acu, trí1,450 puiléad a bhronnadh orthu.

• Cuireadh 110 coirceog nua-aimseartha ar fáil do 11 ghrúpafeirmeoirí.

• Tacaíodh le 8 ngrúpa d’fheirmeoiríéisc.

• Cuireadh dhá phocán gabhairandúchasacha Bóracha ar fáil chuntógáil áitiúil na ngabhar a fheabhsú.

Scéim Forbartha Uisce doCheantair Thuaithe

• Tógadh trí thobar éadoimhne.

• Tolladh sé pholl tóraíochta.

Gníomhaíochtaí Eile

• Cuireadh sé mheilteoir le haghaidhcnónna talún ar fáil do shé ghrúpaban.

• Oileadh 57 ngrúpa feirmeoirí idtáirgeadh éanlaithe clóis, 14ghrúpa san fheirmeoireacht éisc, 22ghrúpa sa bheachaireacht, agus séghrúpa i dtáirgeadh anainn.

• Cuireadh 782 síolta de shíoloráistíagus de mhangónna feabhsaithe arfáil d’fheirmeoirí.

Dúshlán

• Tacú le líon níos mó teaghlach atáag gabháil don fheirmeoireacht.

• Tacú le gníomhaíochtaí nachmbaineann leis an talmhaíocht, acha chabhraíonn le forbairt na tuaithe.

Page 23: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

21

Tá foraoisí Uganda faoi bhrú,dar leis an Dochtúir TonyFinch, comhairleoir de chuidan A.E. atá ag obair le Roinnna Foraoiseachta. I láthair nahuaire tá 4.9 mhilliúnheachtár (11.75 mhilliún acra)faoi chrainn, rud a shásaíonn90% de riachtanais bhreoslais fuinnimh an 22 mhilliúnduine, agus a sholáthraíonnan chuid is mó dá gcuid biaagus dídine. Tá 3.7 mhilliúnheachtár (8.8 milliún acra)faoi úinéireacht phríob-háideach. Is leis an rialtas50% de na hardfhoraoisíteochriosacha agus níl ceadiad sin a úsáid mar is ionaidchaomhnaithe iad don dúlra.

Tá an rialtas tar éis Bille Foraoise is Talún a

reáchtáil, a chinntíonn go mbeidh ar na

daoine ar leo iad na hacmhainní seo a

fhorbairt ar shlí a léiríonn go bhfuil meas

acu ar an timpeallacht.

Fadhb mhór amháin nach féidir dul i ngleic léi

ná an úsáid a bhaintear as adhmad chun

fuinneamh a ghiniúint. Nuair a ghearrtar suas

adhmad na gcrann agus nuair a chuirtear i

dtinte é, is féidir leis timpeall tríocha huaire

oiread fuinnimh a ghiniúint is a dhéanfadh

an ola agus an leictreachas le chéile. I gcúrsaí

tionsclaíochta cuirtear beagnach 80% den

fhuinneamh is gá ar fáil ar an tslí seo. Dá

bhfaigheadh Uganda a chuid fuinnimh ó

fhoinsí eile bheadh ardú ?300 milliún ar bhille

bliantúil iompórtála na tíre. Tá tionscail

áirithe, mar shampla an tae, an siúcra, na brící,

an tobac, na tíleanna agus próiseáil bhia ag

brath go mór ar adhmad. Bíonn breis is €40

milliún sa bhliain de theacht isteach ag an tír

as adhmad sáfa, as painéil agus táirgí eille a

easpórtáil. I dtionscal na foirgníochta, a bhfuil

fás 10%-20% faoi in aghaidh na bliana,

úsáidtear an t-adhmad le haghaidh doirse,

bíomaí, díonta, scafall agus le sconsaí a

thógáil. Mar a deir an Dochtúir Finch,

“Braitheann caighdeán beatha gach duine in

Uganda ar sholáthar na bhforaoisí. Níl sé

ródhéanach fós d’fheirmeoirí agus d’infheis-

teoirí príobháideacha géarchéim fuinnimh

amach anseo a sheachaint, géarchéim a

scriosfadh cuid mhór de na foraoisí atá

fós ann.

Tá dianghá le fáschoillte a dtiocfadh aibíocht

mhear orthu. An t-aon slí eile a bheidh ann ná

adhmad a iompórtáil agus brath air sin go

hiomlán. Caithfear, ar a laghad, 100,000

heachtár a fhás le linn an 20 bliain atá

romhainn más mian leis an tír freastal iomlán

a dhéanamh ar an éileamh a bheidh ar

adhmad sáfa. De réir mar a fhásann an daonra

bíonn brú níos mó ar na foraoisí. Gearrtar

crainn chun talamh a chur ar fáil do dhaoine

le bia a tháirgeadh. Is é an baol atá ann ná go

ngearrfar síos an iomad de na crainn agus go

mbeidh easpa smachta ar an obair ar fad.

An t-aon dóchas atá ann ná go dtiocfaidh an

t-airgead ó fhoinsí príobháideacha, ó fhoinsí

poiblí agus ó dheontóirí idirnáisiúnta chomh

maith. Cheana féin tá roinnt athphlandála ar

siúl ag comhlacht príobháideach áitiúil agus

ag páirtithe iasachta, (an Iorua, An Ghearmáin

agus an Araib Shádach). Ar bhonn áitiúil, tá

breis is 200 duine is teaghlach tar éis

fáschoillte agus plandlanna beaga a thosú

(Féach “Eladu Robert”).

Tá bóthar fada le taisteal. Tá mórchuid oibre

le déanamh ar bhonn áitiúil, ar bhonn

náisiúnta agus ar bhonn idirnáisiúnta chun

deimhin a dhéanamh de gur féidir freastal ar

riachtanais gach duine ar bhealach nach

gcruthóidh aon fhadhbanna amach anseo.

Caomhnú agus Forbairt Foraoisí Uganda

Cleachtadh

1. Mínigh cén fáth abhfuil na crainntábhachtach do Uganda.

2) Luaigh cúig chásdhifriúla ina mbaintearúsáid as adhmad.

3) Conas a théann an fássa daonra i bhfeidhm archás na gcrann?

Tá 40 plandlann tosaithe ag Bessie Oluka, sráidbhaileMoro, Asamuk

Page 24: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

22

Tháinig Ari Van der Wel gohÉirinn sna seascaidí mar mhacléinn foraoiseachta. Ba é seo antaithí oibre a bhí le déanamhaige mar chuid den chúrsa dátheastas foraoiseachta ócholáiste príobháideachforaoiseachta in Arnhem nahOllainne. Ag an am sin ní raibhach 2% de thalamh na hÉireannfaoi chrainn agus bhí feachtasollmhór athfhoraoisithe ar siúlsa tír. Bhí mórchuid foraoisí dechuid an stáit faoi chúram naRoinne Foraoiseachta agus bhí aphlandlann féin ag gachceantar. Thaitin an tír agusmuintir na tíre chomh mór sin lehAri gur chríochnaigh sé achúrsa agus d’fhill go buan arÉirinn i 1966. Mar go raibh andífhostaíocht forleathan, babheag fáilte a bhí anseo roimhinimircigh agus bhí ar Ari cáipéisa shíniú, ag rá go raibh dóthainairgid aige agus nach mbeadhsé sa tóir ar chúnamhdífhostaíochta. Mar sin, bhí air abheatha a shaothrú ganchabhair ó aon duine. Tháinigsé chun cónaithe in Eachdhroim,Co. Cill Mhantáin, áit arcuireadh tús lena chuid oiliúna.

Ari Van der Wel

Mar a dhéanfadh aon fhiontraí thriail sémórchuid post. Cheannaigh sé crainn agusdhíol mar adhmad iad, d’oibrigh sé snascéimeanna foraoiseachta áitiúla, bhíodh séag obair mar chonraitheoir ar roinnt de naheastáit sa cheantar agus cheannaigh sé 6acra de thalamh shléibhe. Bhuail sé le Mariaagus pósadh iad. Cheannaigh siad an chuideile den fheirm shléibhe agus leis an gcúlra abhí aige féin san fheirmeoireacht bhain siadtriail as mórchuid fiontar chun a mbeatha ashaothrú. Cheannaigh Ari roinnt caorach aguseallaigh, d’fhás siad glasraí do na margaíáitiúla, thosaigh siad plandlann bheag chrannagus d’fhás siad plandaí le haghaidh fálta.Ag an am seo bhí Ari fós ag dul amach marchonraitheoir foraoiseachta aon áit arbhfhéidir leis an sórt sin oibre a fháil.

De bharr na comhairle agus na cabhrach goléir a fuair sé ó oibrithe foraoise timpeall naháite, agus mar go raibh na scéimeannaathfhoraoisithe ag leathnú i gcónaí bhí ag éiríleis an bplandlann, agus shocraigh Ari gondíreodh sé é féin go hiomlán ar an ngnóseo. Mar go bhfuil forbairt na bhforaoisí agbrath ar dheontais agus ar pholasaithe anrialtais, ní raibh riamh éileamh seasmhach archrainn le haghaidh plandála.

Le linn na n-ochtóidí bhí cothrom €180 á fháilag Ari ar 1,000 planda óga; inniu níbhfaigheadh sé ach €140. Mar sin, bhí gá lehéagsúlacht agus rinne sé fairsingiú ar thaobhna garraíodóireachta den ghnó, agus bhíplandaí le haghaidh fálta, plandaíornáideacha agus bláthanna á soláthar aige.Inniu tá Ionad Garraíodóireachta isPlandlainne Cappagh ina ghnó rafar.Cheannaigh Ari láithreán 30 acra in aice lebaile na hEachdhroime chun ionad maithmiondíola a bhunú ar thaobh an bhóthairmhóir. Bhíodh a thriúr páistí i gcónaí agcabhrú timpeall na plandlainne agus tá siad

go léir ag gabháil don ghnó inniu. RinneNicolette cúrsa trí bliana le haghaidh teastaissa ghairneoireacht i dTearmann Feichín, i gCoLú agus sainstaidéar á dhéanamh aici ar ansíolrú. Tá sí anois i bhfeighil an díolacháin leisan bpobal san ionad garraíodóireachta.

Bhain Ari óg, atá anois pósta agus triúrclainne air, céim san fhoraoiseacht amach igC.O.B.Á.C agus tá sé siúd i bhfeighil naplandlainne. Is í Monique an cuntasóir sachlann agus cabhraíonn sí leis an díolachán.Tá sise pósta agus beirt pháistí aici. Is gnóceart teaghlaigh é seo, a thosaigh fiontraí óg,agus ní hamhlaidh go raibh fís mhórchúiseachaige ach gur theastaigh uaidh clann a thógáilagus saothrú dóibh. Is iad na cúiseanna athabharfadh Ari gur éirigh leis ná gur oibrighsé go dian, gur chabhraigh muintir na háiteleis, agus go raibh sé de chiall aige athrúnuair a tháinig athrú ar éilimh an phobail. Tásé fíorthábhachtach dó chomh maithaoibhneas a bhaint as an saol agus am a churi leataobh dá chlann, agus nuair a bhíonn anchuid eile againn ag tabhairt cuairte ar nahionaid gharraíodóireachta gach Domhnachbíonn gnó teaghlaigh Van der Wel dúnta,mar lá don chlann amháin is ea anDomhnach.

Page 25: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

23

Tá Eladu Robert ar bís leis an dúil atá aige sasaol. Mac léinn 24 bliana d’aois ó Uganda atáann, ach is feirmeoir agus fiontraí é chomhmaith. Tá deireadh déanta aige leis anmeánscoil agus ba bhreá leis freastal ar anollscoil ach is beag seans atá aige é sin adhéanamh. An t-aon dóchas amháin atá aigená go mbainfidh sé amach scoláireacht ónrialtas chun staidéar a dhéanamh ar antalmhaíocht agus ar an bhforaoiseacht.D’fhéadfadh sé freastal ar choláiste tríúleibhéal áitiúil ach is í an fhadhb mhór abhaineann leis seo ná go bhfuil na táillí an-ard ar fad.

Tá eolas cuimsitheach ag Robert faoi nacrainn is na plandaí ina cheantar féin agus tásé imithe i gceann gnóthaí le plandlann dáchuid féin. Seo an dara bliain anoisag“Plandlann Oasis” agus tá a lán orduithecurtha isteach ag na feirmeoirí áitiúla adteastaíonn uathu crainn óga a cheannach.D’fhás Robert na crainn bheaga seo ó shíoltaa bhailigh sé ó chrainn is ó phlandaí sacheantar áitiúil. D’fhás sé na saghasannaneamhchoitianta ina measc as síolta acheannaigh sé ó aonad gairneoireachta dechuid an rialtais i Mbale, áit atá 40 míle slí ónsráidbhaile ina gcónaíonn sé. Tá a fhios agRobert nach miste síolta áirithe a bhailiú agusa stóráil go cúramach chun péachadh agus fása dheimhniú. Is iad an t-eolas agus an aire seona cúiseanna go bhfuil ag éirí chomh maithsin le tionscnamh Robert. É féin a smaoinighan chéad uair ar an bplandlann agus is í afhiontar féin go hiomlán í.

Cailleadh athair Robert nuair nach raibh séach naoi mbliana d’aois. Cónaíonn sé lenathriúr seanmháithreacha agus a aintín. Bhítriúr ban céile ag athair mháthair Robert agusroinn sé a fheirm eatarthu, ag tabhairt nacoda ba mhó dá chéad bhean. GheobhaidhRobert agus a dheartháir (Michael, atá 26)3.75 heachtár (9 n-acra) talún le huacht, agus

cuid den talamh seo is ea “Plandlann Oasis”.Mar gurb eisean an t-aon fhear fásta inachónaí in éineacht leis na seanmhná seo táfadhb ag Robert, mar más mian leis freastal aran ollscoil, caithfidh sé duine éigin a fháil inaáit chun saothrú dóibh agus chun aire athabhairt dóibh. Tá an t-ádh leis go bhfuilMichael sásta an cúram seo a thógáil air féin.D’fhág Michael an scoil in aois a 14 dó agusd’fhreastail sé ar chúrsa oiliúna saghairneoireacht, a bhí ar siúl sa mhiseanCaitliceach áitiúil. Fuair Robert roinnt mhaithdá chuid eolais óna dheartháir, roinnt eile óna ranganna eolaíochta ar scoil, agus roinntmhaith eile fós ó na seanóirí sa sráidbhaile, achuir mórán rudaí ar a shúile dó i dtaobh nabplandaí éagsúla agus an úsáid arbh fhéidir abhaint astu maidir le bia, le fothain agus lecúrsaí leighis. Ábhar mór misnigh é do Robertgur féidir leis an t-eolas atá tagtha anuas óntseanaimsir a úsáid leis na hacmhainní agusna teicníochtaí nua-aimseartha.

Fuair Robert is a sheanmháithreacha deontasó Self Help chun roinnt cearc a cheannach,agus tugadh 200 meathán de phlandaífeabhsaithe anainn dóibh chomh maith.

Fear óg éirimiúil, cumasach, seiftiúil is ea é abhfuil a lán scileanna aige. Eisean a thóg natithe beaga aon seomra agus na botháin goléir atá mar áitreabh acu. Eisean a thochailpoll domhain an leithris (le comhairle ónRialtas), agus freisin thóg sé cró do na cearca,ag déanamh deimhin de go mbeidh siad saoró ghalair agus slán sábháilte ó na hainmhithe

Eladu Robert allta. Le déanaí, nuair a thit an seanchrannShia-cnónna le linn stoirme bhailigh Robertan súlach, ar féidir é a úsáid mar ghallúnach,agus atá go maith mar leigheas le haghaidhfadhbanna craicinn. Thóg sé ocht gcoirceog(ag baint úsáide dó as seanteicníocht áitiúil)as craobhacha móra agus as cuid den adhmadatá triomaithe agus stóráilte aige, le tógáilleis amach anseo.

Tabharfaidh Michael togha na haire dontseanmhuintir nuair a fhágfaidh Robert an áitchun freastal ar an ollscoil. Is í an dílseachtseo dá chéile laistigh den chlann is cnámhdroma do phobal simplí tuaithe. Tásnaidhmeanna láidre muintearais sa teaghlachagus téann an obair a dhéantar chun leasadóibh go léir. Fear óg is ea Robert a thapaighna deiseanna go léir a bhí ar fáil agus a bhainan leas ba mhó as na nithe a bhí timpeall airsa phobal. Tá todhchaí rafar i ndán doUganda má thugtar an tacaíocht agus anspreagadh ceart do Robert agus d'fhion-traithe eile mar é.

Ceisteanna

1. Cad iad na tréithe, i dothuairim, ar chóir a bheith agduine chun go n-éireodh gomaith leis nó léi mar fhiontraí?

2. Cad iad na deacrachtaí is mó atáag Robert ina shaol anois?

3. Cad iad na difríochtaí is móidir saol Robert agus an sórtsaoil a chaithimidne?

4. Samhlaigh gur fiontraí óg túanseo, agus déan cur síos ar narudaí a bheadh ort a dhéanamhchun fiontar de do chuid féin abhunú, agus ar na córaistacaíochta a bheadh ar fáil duit.

Page 26: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

24

Feirmeacha beaga is ea96% de na feirmeacha saréigiún taobh ó dheasden Sahára, iad go léirfaoi bhun 5 heachtár,agus breis is dhá thriandíobh a bhfuil níos lú ná1 heachtár (2.4 acra)talún iontu. Táirgeannna feirmeacha beagabreis is 90% de bhia anréigiúin.Dream críochnúil is ea iad na feirmeoiríbeaga seo. Baineann siad úsáid níos fearr asa gcuid talún ná mar a bhaineann a lán dena feirmeoirí móra, ach tá an chuid is móacu an-bhocht. Léiríonn staitisticí de chuidna Náisiún Aontaithe go bhfuil breis is dháthrian de lucht tuaithe sa réigiún taobh ódheas den Sahára beo bocht, agus iad ag

maireachtáil ar níos lú ná €1 an duine inaghaidh an lae. Tá an scéal ag dul in olcas.Tá muintir an réigiúin ag fulaingt go géaranois ó tharla fadhb mhór shláinte an S.E.I.Fina measc. Tá 13.7 milliún den 16.8 milliúnbean a bhfuil an galar orthu, ina gcónaí sanAfraic, agus formhór díobhsan sna ceantairthuaithe.

Bíonn fadhbanna ag an gcuid is mó de nafeirmeacha atá ar mhionchóir agus solátharéiginnte bia á tháirgeadh acu. Bíonn sédeacair orthu na margaí a bhaint amach,agus ní bhíonn sé de bhuntáiste aculeasuithe tacair agus síolta a thugann barrmaith a bheith ar fáil dóibh. Is minic abhíonn an talamh i ndrochstaid aguscónaíonn an chuid is mó acu i bhfad ósheirbhísí is ó bhóithre.

Caithfidh na feirmeoirí sa chuid seo denAfraic dul i ngleic le fadhbanna agusdúshláin nua chomh maith:

1) Tá praghasanna na n-easpórtálachatraidisiúnta (mar shampla, cócó, caife, cadásagus tae) tar éis titim ar fud an domhain,agus ag an am céanna tá na costais táirgtheimithe suas mar nach bhfuil nafóirdheontais le fáil a thuilleadh.

I 2001/2002 mhol Banc Ceannais AnDomhain agus an Ciste AirgeadaisIdirnáisiúnta do rialtas na Maláive éirí asbheith ag íoc cuid de chostais tháirgthe anbhia. Mar thoradh air sin ní raibh ar chumasna bhfeirmeoirí farasbarr den bhia atháirgeadh le haghaidh stórála. Mar nachraibh aon bhia i dtaisce tharla ganntanassuntasach. As seo d’eascair gorta eile sa tírsin.

2) Mar go bhfuil earraí anois á ndíol is ágceannach ar bhonn domhanda, ba chóir gombeadh teacht ag na feirmeoirí beaga ar

Ag Tacú le Feirmeoirí san Afraic sa Cheantar ó dheas den Sahara

mhargaí an domhain, ach, i ndáiríre, is é atharlaíonn ná go gcailleann siad margaí nambailte móra is na gcathracha de bharrearraí á bheith á n-iompórtáil ó thíorthaeile.

Ní féidir leis na feirmeoirí beaga dul saniomaíocht leis an margaíocht dhomhandaseo. I dtreo is nach mbeidh siad marsclábhaithe caithfidh rialtais, eagrais nachde chuid an rialtais iad, an rannóg phríob-háideach agus an pobal idirnáisiúntadeontóirí dul i mbun gnímh.

• Caithfear aird a thabhairt ar riachtanaisna bhfeirmeoirí beaga nuair a bheidhpolasaithe na tíre á leagan amach.

• Tá sé práinneach go mbeadh teacht gandua ar dhrugaí don S.E.I.F agus gombeadh na drugaí sin saor le ceannach.

• Cuir ar chumas na rialtas infheistiú adhéanamh san oideachas, i gcúrsaí sláinteagus in infrastruchtúr na tuaithe(bóithre, scéimeanna uiscithe, srl). Tá séríthábhachtach go gcuirfí fiachaidirnáisiúnta na dtíortha seo ar ceal.

• Cuir teicneolaíocht a mbeidh dearadhciallmhar uirthi agus ar éasca í a úsáid arfáil do na feirmeoirí beaga.

• Laghdaigh costas na leasuithe tacair agusna nithe eile a chabhróidh le bia maith atháirgeadh, agus tá sé riachtanach gombeadh na hearraí seo le ceannach arcairde.

Tá todhchaí feirmeoirí beaga na hAfraice saréigiún taobh ó dheas den Sahára ag brathar roinnt áirithe gníomhaíochtaí a dhéanfari gcomhar a chéile, chun go mbeidh ar agcumas slí bheatha a bhaint amach dóibhféin agus dul san iomaíocht laistigh dengheilleagar domhanda.

Tesfag Abraha, Sráidbhaile Madeo , Ceantar Emni Haile, Eritrea

Page 27: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

25

Cleachtadh

1. Cén t-eolas a thugann an dán dúinn faoi stair na hAfraice?

2. Cad é an mothúchán is láidre sa dán, dar leat? Tabhair cúiseanna don rogha a rinne tú.

3. Tarraing pictiúr a léireoidh an bhrí a bhaineann tusa as an dán.

4. Pioc amach amhrán nó píosa ceoil a thiocfadh leis an dán.

5. Ag féachaint duit ar an sampla d’fhilíocht W.B. Yeats, scríobh dán gearr, trí líne ar fad, a chuirfeá leis.

Áilleacht na hAtaenaGan sclábhaí in aon bhall,Sin ábhar amháinLe mo dhán.

Dán é faoi shaoirse,Gan ríthe, gan bhanríonta,Ná iarsmaí na mblianta‘Tá i bhfad siar sa chuimhne.

Faoi dhomhan bog órdha,Gan géire a thuaiscirt,Gan doimhne a dheiscirt,Gan fallaí, gan dallóga.

Faoi lucht cogaidh is armDíbeartha go buan,Faoi dheireadh le príosúinLena sceoin is lena bhfuath.

Tá fásaigh faoi dhuilliúr, Tá an toradh ‘teacht raidhsiúilIs an bháisteach á mhisniú.

Dán Faoi thaitneamh na gréine,Ag scalladh go saontaIs faoi sholas na réaltaíDon oíche ‘tabhairt léargais.

Faoi shaol athdhéanta mo dhán(Nigi Osundare, An Nígéir).

Abair leat amhrán, in áit éigin,Faoi sholas nuagealaí éigin.

Is cuirfear sinn ar an eolasNach ionann an codladh is an bás,

Nuair a chloisfimid an saol mórIs a phort aige a athrú.

(W.B. Yeats, Éire)

Faoi Athrach Saoil Mo Dhán

Feirmeoirí ón láthair uiscithe, Dodota, Eritrea

Page 28: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

Cothaíonn na bananaí 400 milliúnduine sna tíortha teochriosacha.Tá siad ríthábhachtach do nafeirmeoirí beaga a fhásann iadmar bhia dóibh féin nó chun iada dhíol ag na margaí áitiúla, agustá siad ríthábhachtach do nadaoine is boichte sa phobal. Domhórchuid tíortha faoi fhorbairt,is foinse thábhachtach ioncaim íeaspórtáil na mbananaí.

Déantar 90% de na bananaí afhástar a chaitheamh go háitiúil,go háirithe san Afraic, i Meiriceá

Theas agus san Áis. I réigiúináirithe is iad na bananaí anpríomhbharr. Fástar iad i mbreis is120 tír. Tagann 98% de nabananaí ó na plantáin(cineál amháin banana aúsáidtear mar ghlasra) óna tíortha faoi fhorbairt.Sa tSín itheann siadtimpeall dhá chileagraman duine de bhananaí inaghaidh na bliana, sanAstráil agus san Indinéis, 50cileagram atá ann, agus sanAfraic Thoir (Uganda,Ruanda, an Bhurúin) itheannsiad 250 cileagram an duinesa bhliain. I roinnt tíortha is éan banana brúite an chéadbhia tirim a thugtar do pháistí.

Is féidir bananaí a úsáid armhórchuid slite eile. Próiseáltariad chun plúr, criospaí, citseapagus beoir a dhéanamh. Is féidiran toradh agus na duilleoga aúsáid ina bhia d’ainmhithe agus isféidir, chomh maith, stáirse agussórt éadaigh a dhéanamh astu.

I dtíortha bochta tá sé éasca agna daoine sna ceantair thuaithebananaí a fháil, fiú amháin má tásiad an-bhocht ar fad. Tá sé ibhfad Éireann níos deacra ag

muintir na mbailte móra is nagcathracha iad a fháil, mar tá siaddaor le ceannach.

Tá sé éasca bananaí abhrú agus

damáiste adhéanamhdóibh, mar sin isdeacair iad a iompar óna feirmeacha go dtína bailte móra. Tálíon mór meánchean-naithe acheannaíonn na bananaí ó

na feirmeoirí ar airgead beagagus a dhéanann brabús mórnuair a dhíolann siad le lucht nambailte móra iad. Dá mbeadhbóithre níos fearr ann bheadh sé ibhfad níos éasca ar na feirmeoiría gcuid bananaí a iompar do nabailte móra. Bheadh ar a gcumas

iad a dhíol ar phraghas níosísle ná mar a bhíonn

ag na

26

Fás Bananaí:Bia maith, sláintiúil a sholáthar do dhaoine.

Sa lá atá inniu ann tá 800 milliún duine faoi mhíchothú. Tá cothú an domhainar cheann de na dúshláin mhóra san aonú haois is fiche. D’fhéadfadh nabananaí a bheith mar chuid de réiteach na faidhbe. Is iad an ceathrú biabharris tábhachtaí sa domhan iad, gan ach an rís, an chruithneacht agus an t-arbhar Indiach chun tosaigh orthu. Déantar 86 mhilliún tonna díobh atháirgeadh anois.

Radharc ar mhargadh, Kampála, Uganda

Page 29: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

27

Miondíoltóir 4¢,

Iomportálaí 2¢,

Costais loingis is lódála 1¢,

Easpórtáil agus láimhseáil 0.5¢,

Teach stóir agus pacáistiú 1.5¢,

Bainteoir/curadóir 1¢.

An Banana a Ghearradhina Shliseanna• Bananaí cearta (ceann do gach

grúpa de 6)• Banana mór páipéir amháin

(Ceann amháin do gach grúpa)• Banana mór páipéir amháin

agus é daite i dtreo is go mbeidhsé ar aon dul leis an ngraf thuas.(Coimeád é seo i bhfolach)

• Scian amháin chun na bananaía ghearradh (í seo i seilbh anmhúinteora)

• Páipéar agus pinn.

Roinn suas na grúpaí de 6, agusbíodh ról amháin díobh seo aleanas ag gach duine:

(a) Bainteoirí agus Curadóirí

(b) Iompórtálaithe

(c) Pacálaithe

(d) Mórdhíoltóirí

(e) An Comhlacht loingis

(f) Miondíoltóirí

Tabhair amach an páipéar agusna pinn.

Tabhair banana ceart an duinedo na bainteoirí agus do nacuradóirí. Cosnaíonn an banana10c. sa siopa.

Agus praghas banana sa siopa areolas ag gach grúpa, caithfidh siadanois a dhéanamh amach cé mhéida gheobhaidh gach ball le haghaidha gcuid oibre is a gcuid costais.

Tar éis cúig nóiméad caithfidhgach grúpa a chás a chur gohiomlán agus na figiúir éagsúla alíonadh isteach ar an mbananapáipéir atá acu.

Taispeáin dóibh an scéal mar atásé ar an mbanana páipéir a bhí ibhfolach.

Tabhair scian do na bainteoirí isdo na curadóirí agus caithfidhsiad an banana ceart a ghearradhsuas de réir na bhfigiúirí cearta.Fágfar na bainteoirí agus gan achan deichiú cuid de bhanana acu.

• Conas a bhraitheann siadsan?• An bhfuil sé seo ceart agus

cóir?• Cad is féidir a dhéanamh faoin

scéal?

meáncheannaithe, agus fós brabús mór adhéanamh dóibh féin. Chabhródh sé seoleis na daoine is boichte sna bailte mórateacht a bheith acu ar sholáthar bia atáníos folláine ná an bia a chaitheann siadde ghnáth.

Má tá ar mhuintir na hEorpa praghasmaith a thabhairt ar bhananaí, is iad nameáncheannaithe is mó is cúis leis sin, maris iad a dhéanann na bananaí acheannach, a iompar agus a dhíol linn. Anchuid is mó den am ní bhíonn le fáil ag nacuradóirí ach níos lú ná 10% den phraghasa thugaimidne orthu. Caithfear tacú lecóras a bheidh níos fearr agus níoscothroime. (Féach “An Chóirthrádáil”, saleabhar seo).

Page 30: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

28

Billeog Oibre 2

1. Cuir na lítreacha anseo thíossan ord ceart agus gheobhaidhtú crainn neamhgháthacha óáiteanna éagsúla timpeall andomhain. Tugtar an chéad litirde gach crann mar nod duit.

BBBAOA B

AANNYB B

GGNOIK G

REPJNIU J

LMNOAAIG M

SHUJOA J

AEIQOUSI S

2. Is í an ghiúis chónghuaireachan crann is sine sa domhan, darle lucht eolaíochta, agus is é ant-ainm a thugtar uirthí i meascna Sléibhte Geala i gCalaforniasna Stáit Aontaithe ná“ AnSeanfhear”. Ta an crann seobreis is 4,600 bliain d’aois!

Ta sí níos sine ná:a) An Ghráinseach Nua b) An Sfioncsc) Falla Mór na Síne

a

b

c

3. Déan liosta in ord aibítireden oiread crann agus is féidirleat: m.s an banyan, an bheith,an coll… Cé mhéad díobh isféidir leat a liostáil?

4. Ní mar a chéile iad síolta nagcrann éagsúla. Is “torthaí” cuidacu, is “cnónna” cuid eile acu fós,agus tá “eiteoga“ ar chuid eilede na síolta. Ar do chóipleabhardéan cairt ina mbeidh trícholún, ceann do “thorthaí”,ceann do “chnónna” agus antríú ceann do na “heiteoga”.

Anois cur gach ceann do nacrainn seo a leanas sa cholúnceart: An cuileann, an cranncnó chapaill, an seiceamar, anfhuinseog, an coll, an draighean,an caorthann, an dair agus an bheith.

5. Bailigh na síolta ó chrainnéagsúla agus déan iarracht iad achur ag péacadh sa seomra ranga.Má éiríonn leat is féidir leatbuinneán díobh a chur. Murambíonn an t-ádh ort déanfaidhCoillte crainn óga a sholáthar dod’rang agus tabharfaidh siad treoirdaoibh maidir lena bhfás.

6. Le linn Réabhlóid Na Fraincechuir na daoine “Crainn NaSaoirse“ sna bailte móra agussna sráidbhailte. Faigh amachar cuireadh crann le haghaidhócáide speisialta id bhaile mórnó i do shráidbhaile féin.Murar tharla sé sin, nachbhféadfása bheith ar an gcéadduine i do phobal féin a chuircrann do Self Help!

Page 31: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

29

Ciallaíonn an t-ainm an Mhaláiv “an lochina bhfuil scáil na gréine mar thine inachuid uisce” agus is ó Loch na Maláive afuair an tír a hainm. Is é an tríú loch is mósan Afraic é. Nuair a bhí Nyasaland marainm ar an tír bhí sí faoi smacht naBreataine ó 1891 go 1964. Lena loch, a cuidtalún féaraigh is a cuid talún coille, is tírfhíorálainn í an Mhaláiv. Stiall chaol talún isea an Mhaláiv nach bhfuil níos leithne ná160 ciliméadar (100 míle) in aon áit, agusclúdaíonn an chuid den loch ar leis an tír í,an cúigiú cuid d’achar an locha. Luíonn anloch, a bhfuil cáil air de bharr a chuidtránna órdha agus raidhse a chuid éisc iséanlaithe, i ngleann domhain. Parthas ceartdon turasóir is ea an Mhaláiv leis anbhflúirse ionad saoire atá aici, ina bhfuilspórt uisce agus snámh, chomh maith le líonmór páirceanna náisiúnta.

Rinneadh uachtarán na tíre den DochtúirHastings Banda nuair a bhain síneamhspleáchas amach i 1964. D’fhógair séé féin mar uachtarán lena shaol sa bhliain1971 agus is maith a thugann an gníomh sincomharthaí sóirt a réime dúinn. Bhí smachtaige ar gach gné den saol sa Mhaláiv, fiúamháin na héadaí a bhí le caitheamh ag nadaoine nuair a rith sé an tAcht UmGhléasadh i 1973. I gcaitheamh na dtríochabliain a chaith sé mar uachtarán cuireadh namílte is na mílte i ngéibheann gan triail,agus rinneadh daoine a chéasadh is a churchun báis.

Sa bhliain 1992, nuair a bhí cáineadh aréime ag teacht go tiubh agus nuair acoisceadh an chabhair iasachta don tír,tugadh ceart reachta do pháirtithefreasúracha. Bhí a céad toghchán ag an tíragus tháinig rialtas nua i gcumhacht.

Tá an Mhaláiv ag brath ar chabhair iasachtale haghaidh 80% dá buiséad forbartha. Tá sí

An Mhaláiv

ar cheann de na deich dtír isboichte sa domhan; nílléamh ná scríobh ag breis is60% de dhaonra na tíre agus tá ráta 14%de mhortlaíocht naíonán sa tír. Tá sé marthosaíocht ag an rialtas dul i ngleic le fadhbna bochtaineachta agus seirbhísí sláinteagus oideachais a fheabhsú, ach is snámh inaghaidh easa an troid i gcoinne an S.E.I.F. Táan córas oideachais ag titim as a chéile debharr an méid múinteoirí atá tar éis bás afháil den S.E.I.F. agus tá iarmhairtí natragóide seo le feiscint i ngach áit i meascan phobail sa Mhaláiv.

Is í an talmhaíocht fós an phríomhshlíbheatha. Soláthraíonn an earnáil fostaíochtdo 80% de na daoine agus is uaithi athagann 40% den olltáirgeadh Náisiúnta.Maireann mórchuid de mhuintir na Maláivear na barra a fhásann siad féin. Tá an rialtastar éis lucht an airgid sa tír a ghríosadhchun infheistiú a dhéanamh sanollfheirmeoireacht le fás a chur faoieaspórtáil earraí talmhaíochta. Is é antoradh atá air seo ná go bhfuil achar níosmó den talamh i lámha mhionlach anphobail, agus dá bharr sin tá an talamh atáfágtha le haghaidh na bhfeirmeoirí beagatuaithe éirithe an-ghann ar fad.

Is iad na príomhbharra ná an t-arbharIndiach, na cnónna talún, an caife, napónairí, an casabhach, an muiléad agus anrís ar bhruacha an locha, chomh maith leisan tobac, an tae agus an siúcra cána, napríomhonnmhairí a fhástar ar na heastáitmhóra, phríobháideacha. Tá an chuid is móde na heastáit tae sna léibhinn ar shleasa nagcnoc sa deisceart. Fástar an tobac, denchuid is mó, ar an ardchlár méith i lár natíre.

Tá deascán de bháicsít is de ghual ag anMaláiv ach is beag saothrú a dhéantar orthu

LAKE VICTORIA

LAKE KYOGA

CAIRO

ASWAN HIGH DAM

LAKE NASSER

KHARTOUM

LAKE TANA

LAKE ALBERT

DEMOCRATICREPUBLIC

OF CONGO

mar go bhfuil siad suite in áiteanna iargúlta.Le blianta beaga anuas rinneadh forbairt ardhéantúsaíocht a úsáideann hidrileic-treachas ach tá méid mór d’earraísaothraithe á n-iompórtáil fós.

Cónaíonn an chuid is mó de na daoine igceantair thuaithe, agus baineann 98%díobh le ceann amháin nó ceann eile dennaoi ngrúpa seo a leanas: Chewa, Nyanja,Lomwe, Yao, Tumbuko, Sena, Tongo, Ngoniagus Ngonde. Tá cónaí ar an gcuid is mó dena daoine sna réigiúin i ndeisceart agus i lárna tíre.

Page 32: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

30

Ón am a bunaíodh Self Help i 1984 is é an cur chuige a d'úsáid sé i gcónaí ná anchabhair a thabhairt “ón talamh aníos” sna tionscnaimh ina raibh sé páirteach.Cabhraíonn Self Help chun na tionscnaimh a chur ar a mbonnaibh, ach laistighde chúig bliana is leis na teaghlaigh feirme na tionscnaimh sin go huile is gohiomlán agus is iad atá i bhfeighil orthu. Is iad muintir an phobail áitiúil aroghnaigh na gníomhaíochtaí atá liostaithe anseo.

Gníomhaíochtaí donTionscnamh

Aidhm: Dóthain bia a bheithacu chun iad féin a chothú, agusfarasbarr lena chois sin le díol.

Is iad seo a leanasgníomhaíochtaí an tionscnaimh:Tionólfar 100 cruinniú chuneolas a thabhairt do 167sráidbhaile le linn tréimhse antionscnaimh. Tabharfar cabhairchun 167 gCoiste Comhordaithe

Na Sráidbhailte a bhunú, aguschun oiliúint a chur ar fáil dóibhfaoi conas feidhmiú marghrúpa, agus faoingceannaireacht. Gheobhaidh antionscnamh seilbh ar 40 tonnapónairí, 40 tonna de shíolta nagcnónna talún agus 20 tonna dena pónairí soighe agus dáilfeariad seo ar an bpobal. Dáilfear 20tonna de shíolta an arbhairIndiaigh ar an 2,000 ar dóibhiad. Mar chabhair do na daoine

Cás-staidéar 3: An Mhaláiv: Ón Talamh Aníos

chun glacadh le saghasanna nuasíolta agus leis an nuatheicneo-laíocht, tionólfar 60 taispeántas.

Chun táirgeadh an bheostoic afheabhsú, roghnóidh antionscnamh 30 sráidbhailebeostoic, agus cabhróidh séchun 30 ceann de ChoistíBeostoic Na Sráidbhailte abhunú. Roghnóidh sé 300 duinea meastar go mbainfidh siadleas as páirt a ghlacadh idtáirgeadh beostoic, aguscuirfear oiliúint ar fáil don 30coiste i gcothú coiníní, muc aguscearc guine.

Ceannóidh an tionscnamh 60collachghabhar, 60 muc‘landrace’, 50 muc áitiúil, 50gabhar áitiúil le meascadh leisna collachghabhair, 1000 cearcghuine, caoga coinín bán ónNua-Shéalainn le dáileadh orthusiúd a roghnaíodh. Cuirfidh sécúig mhodhfheirm ar bunfreisin, ceann amháin do gachsórt beostoic, a bheidh inaláithreacha taispeántais.

Chun stop a chur le hídiú nahithreach agus le damáiste dontimpeallacht, roghnóidh antionscnamh 60 sráidbhaile ina

ndéanfar caomhnú ar an ithiragus ar an uisce, agus athfho-raoisiú freisin. Tionólfar 60cruinniú le heolas a thabhairtagus bunófar 60 ceann deChoistí Acmhainní Nádúrtha antSráidbhaile. Cuirfear oiliúint arfáil don 60 coiste seo i bprions-abail chaomhnaithe nahithreach is an uisce. Bunóidhna coistí 60 plandlann chrannagus fásfar 500,000 crann ógtaobh istigh de shaolré antionscnaimh. Chun táirgígairneoireachta a chur chuncinn bunófar 12 ghrúpagairneoireachta le barra ashaothrú; ceannófar is dáilfearamach ar an bpobal 20 tonna deshíolta prátaí Éireannacha, 20cileagram de shíolta glasraí, 100tonna de phlandaí casabhaigh.Bunófar 30 plandlann a bheidhfaoi chúram sráidbailte éagsúlaagus 60 plandlann a bheidh ástiúradh ag daoine aonair. Beidh12 phlandlann do chrainntorthaí ann ar bhonn pobailagus plandlann chrann amháin,a bheidh faoi chúram antionscnaimh féin.

Mar iarracht ar easpacumhachta na mban a leigheas

Elisoni Beni, feirmeoir ó Chiradzulu, an Mhaláiv

Page 33: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

31

bunóidh an tionscnamh 45 ghrúpa ban inambeidh ballraíocht de 600 chun páirt aghlacadh i ngníomhaíochtaí a bheidh dírithear ioncam a ghiniúint. Cuirfear oiliúint arfáil don 600 bean seo i mbainistíocht ghnóagus i ndíol earraí ar mhionscála. Faoi ‘biaagus cothú’, oilfear 100 bean i bpróiseáilbarr, mar shampla, pónairí soighe,casabhach agus prátaí milse, chun cur leluach na mbarr sin. Beidh oiliúint le fáil ag200 bean in úsáid áiseanna a bheidhspárálach ar an mbreosla. Dáilfear amach400 de na háiseanna seo ar na mná. I dtreois go mbeidh soláthar seasmhach de naháiseanna spárála seo ar fáil, oilfear 20 beanina ndéantús. Ina dhiaidh sin dáilfear amach2 chileagram de shíolta le barra a shaothrúsna gairdíní baile.

Tabharfar oiliúint do 100 bean ingarraíodóireacht ghlasraí sa bhaile le linnsaolré an tionscnaimh.

Is ar na daoine ar dóibh an tionscnamh abheidh sé mar chúram é a phleanáil agus éa chur i gcrích. Fúthu a bheidh sé oibrithetógála a chur ar fáil chomh maith le hábhairthógála a sholáthar ar féidir teacht orthu goháitiúil, ceardaithe a fháil nuair a bheidh gáleo agus tuarastal a thabhairt dóibh. Cuiddá ngnó a bheidh ann freisin cuntais bhainca oscailt le haghaidh na ngrúpaí difriúla.

Agus mar dhualgas scoir dóibh, beidh orthumonatóireacht agus measúnú a dhéanamhar ghníomhaíochtaí an tionscnaimh.

An Margadh, Lilongwe, Malawi

Page 34: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

32

Tír atá talamhiata is ea an Mhaláiv agus íteanntaithe istigh idir Mósaimbíc, an tSaimbiaagus an Tansáin. Sa bhliain 2002 bhígéarghanntanas bia agus gorta sa Mhaláiv.Tá tionóntaithe na tíre orthusan is mó abhíonn thíos le géarchéim bia. Is tionóntaitheiad trian de na hoibrithe i dtionscal natalmhaíochta. Níl cumhacht ná guth acu. Ba ían chúis leis an ngorta i gcónaí, ná gantalamh a bheith ar fáil le haghaidhsaothraithe agus le bia a tháirgeadh.

Oibrithe gan talamh, gan chearta is eationóntaithe na Maláive. Uaireanta bíonnconarthaí sínithe acu ach ní thugtar aon airdorthu, agus uaireanta eile is i gcoinne leas nadtionóntaithe a oibríonn siad. Go minic níbhíonn sé de cheart ag tionóntaithe léas abheith acu. Is beag smacht atá ag an tionóntaar úsáid ná ar oibriú na talún. Mar shampla níthugtar cead do thionóntaithe barra a fhásmar bhia dóibh féin. Is amhlaidh go dtugannan tiarna talún bia ar ciondáil dóibh. Toisc aneaspa ceannais seo a bheith acu ar

chúrsaí, níl ar chumas na dtionóntaitheairgead a chaitheamh chun soláthar rialta biaa fhás dóibh féin nó dá gclann. Dá bharr sinbíonn an scéal go hainnis acu maidir le cúrsaíbia. Nuair a dhéantar díshealbhú orthu is í anchúis a thugtar leis ná, nach bhfuil ar chumasna dtiarnaí talún ciondálacha bia a chur ar fáil

dóibh. Cruthaíonn an scéal tubaisteach seofadhbanna ollmhóra.

Tá gá le hathruithe sa chóras a thabharfaidhcearta do na tionóntaithe. Ceist mhór eile isea roinnt na talún. Dá dtarlódh seo bheadh séar chumas na ndaoine a gcuid bia féin a fhásagus socruithe a dhéanamh faoina dtodhchaí.Tá mórchuid fahdbanna ag baint leis angceist seo agus beidh sé fíordheacair iad aréiteach.

Agus athruithe agus scéimeanna forbartha ábpleanáil, caithfear suntas a thabhairt donfhás sa daonra, cruthú post agus an gá atáann leis an tír féin a fhorbairt taobh amuighden talmhaíocht. Tá mórchuid nabhfadhbanna a bhaineann le húinéireacht natalún fréamhaithe siar in aimsir na gcoilínitheagus na streachailte le haghaidh na hAfraice,nuair a ghlac an Bhreatain seilbh ar anMaláiv. Beidh gá le saineolaithe i gcúrsaí dlítalún, sa bhaile is ó áiteanna i gcéin, chun anfhadhb achrannach seo a réiteach.

Caithfidh an Mhaláiv leanúint uirthi ag fáilcabhrach ón iasacht i dtreo is go mbeidh ar acumas rud a dhéanamh faoin bhfadhb seo,agus todhchaí níos fearr a phleanáil dámuintir.

Fadhbanna Tionóntaithe na bhFeirmeacha is na nEastát sa Mhaláiv

Cleachtadh

1. Cad í an fhadhb is mó atáag tionóntaithe sa Mhaláiv?

2. Conas mar a chabhródhathruithe maidir lehúinéireacht na talún iréiteach na bhfadhbanna atáacu?

3. Cuir drámaí is mímeannagearra i láthair faoi nahábhair seo a leanas:

• An scéal mar atá sé ag nafeirmeoirí sin sa Mhaláiv artionóntaithe iad.

• Tuairimí tiarnaí talún naMaláive faoin scéal.

• Na poist éagsúla a bhfuilbaint acu leis anbhfeirmeoireacht saMhaláiv.

• Ócáid díshealbhaithe.

Chuir iarmhairtí an Ghorta Mhóir in Éirinn (1845-1848) isteach go mór ar fheirmeoirí a raibh talamhtógtha ar léas acu. Ach bhí ciall cheannaithe anoisacu agus diaidh ar ndiaidh tháinig athrú ar an scéalsa tír maidir le seilbh agus le húsáid na talún.

Elisoni Beni, feirmeoir ó Chiradzulu, an Mhaláiv

Page 35: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

33

Dreyfus. Tá 90% den trádáil san arbhar, sachaife, sa chócó agus sna hanainn, agustuairim is 80% de thrádáil an domhain satae, faoi stiúradh cúpla comhlachtilnáisiúnta. Tá smacht acu ar 70% denmhargadh domhanda sa rís agus snabananaí, agus ar bhreis is 60% denmhargadh sa siúcra cána, de réir an FhóraimDhomhanda um Thaighde sa Talmhaíocht.

Sa bhliain 2002 bhí forlámhas ag an deichgcomhlacht ceimiceán talmhaíochta is mó ar90% de mhargaí an domhain (Bayer,Monsanto, Dupont agus eile), ar 34% dethrádáil bhia agus de dheochanna andomhain (Nestlé, Kraft Foods, Unilever,Coca-Cola, Mars agus eile), agus ar 30% demhargaí an domhain sna síolta (Dupont,Monsanto, Bayer agus eile).

Fiche bliain ó shin bhí na mílte comhlacht agsaothrú síolta agus ní raibh smacht ag aonchomhlacht ar 1%, fiú amháin, denmhargadh. Anois tá 30% den mhargadhfaoi smacht deich gcomhlacht. Chomh maithleis sin, fiche bliain ó shin, bhí 65chomhlacht ag táirgeadh ábhar le húsáid idtionscal na talmhaíochta. Inniu tá 90% denmhargadh faoi stiúradh deich gcomhlacht.

Anois tá comhlachtaí móra a bhfuil táirgíéagsúla á gcur ar an margadh acu, ag teachtle chéile i dtreo is go bhfuil ar tháirgeoiríbia glacadh leis an “bpacáiste” uathu. Marshampla, tá na comhlachtaí ceimiceán tar éistáthú a dhéanamh leis na comhlachtaísíolta. Leathnóidh an nós seo isteach idtionscal na ndeochanna, agus i ndeireadhna dála déanfaidh na mórchomhlachtaíollmhargaidh iad go léir a alpadh suas.Beidh forlámhas thar chuimse acu artháirgeoirí agus ar chustaiméirí, ón síol godtí an t-ollmhargadh.

Sa bhliain 2002, den chéad uair riamh, níorchomhlacht ola ná níor dhéantóir carrannaé an comhlacht ba mhó sa domhan, achollmhargadh: Wal-Mart. Díolann siad níosmó ná aon dream eile i Meiriceá Thuaidh.

Tugann sé seo go léir mearphictiúr dúinn dena “conarthaí trádála” mar atá siad, agus isléir go bhfuil guthanna na dtáirgeoirí is nagcaiteoirí á múchadh sa mhórfheachtas atáar siúl chun smacht iomlán a fháil armhuintir an domhain sa chuid is tábhachtaídár saol: cad a bheidh á ithe is á ól againn,agus cathain, cá háit, agus conas atháirgfear é.

Cé hiad atá ag alpadh, agus cé hiad atá án-alpadh siar acu?

Ag tús na mílaoise nua,as an 100 aonadeacnamaíochta ba mhóar an bpláinéad bachomhlachtaí iad 51díobh agus ba thíorthaiad 49 acu. Saothraíonn500 comhlacht, a n-oibríonn gach ceann acui dtíortha difriúla, 47%de olltháirgeadh anphláinéid ach ní thugannsiad fostaíocht ach do1.59% d’oibrithe andomhain.Feirmeoirí beaga is ea 25% de dhaonra nacruinne, agus cothaíonn siadsan leath demhuintir an domhain go díreach aguscéatadán níos airde fós go hindíreach. Tátionchar ollmhór ag na corparáidí ilnáisiúntaar an saol i dtíortha an domhain ón taobhsóisialta de. Is ar mhaithe leo siúd a oibríonnna hinstitiúidí airgeadais agus na rialtais,agus déanann comhaontuithe de chuid naNáisiún Aontaithe freastal ar a gcuidaidhmeanna. Tagann conarthaí a mbíonntionchar acu ar chúrsaí trádála faoina n-anáil chomh maith. Tá smacht acu arthrádáil idirnáisiúnta i gcás mórchuid táirgí,suas le 90% i limistéir tháirgthe áirithe.

Sa bhliain 2000 bhí smacht ag cúig cinn dechorparáidí ilnáisiúnta ar 75% de thrádáilarbhair an domhain. Tá forlámhas ag tríchomhlacht mhóra: Cargill, Bunji agus

Gníomhaíocht don Dalta

Beir leat isteach lipéid,cumhdaigh, srl ó earraíbia a chuireann nacomhlachtaí ilnáisiúnta aran margadh. Déanléarscáil den domhan agbaint úsáide as na lipéidchun cumhacht agustionchar na gcomhlachtaísin a léiriú.

David Okwee lena bharr anann , sráidbhaileDoholo, Asamuk, Uganda

Page 36: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

34

Diaidh ar ndiaidh tá líon níos mó ban ag glacadh páirte i dtionscnaimh forbartha,agus mar thoradh air sin tá meon anois ann atá níos báúla leis na mná. Go dtí ledéanaí is mar bhean an fheirmeora a fheicfí an t-Afracach mná is í ag obair saghort. Inniu tá a fhios againn gur dóichí gurb í an feirmeoir féin í. Saothraíonn mnána hAfraice dhá thrian de tháirgeadh talmhaíochta na Mór-roinne. Má shamhlaíonnaon duine gurb iad na fir a théann amach ag obair agus go bhfanann a mná chéilesa bhaile ag tabhairt aire do na páistí, níl an léamh ceart ar an scéal ag an duine sin.Glactar leis anois go bhfuil an bhean ar chomhchéim leis an bhfear, go bhfuil sí marchomhpháirtí aige agus iad beirt ag taisteal ar bhóthar na forbartha.

Níl na mná ag fanacht faoi scáth na bhfeara thuilleadh. Tá beatha dá gcuid féin anoisacu. Tá na mná anois ag foghlaim conaslabhairt amach agus tá a gcuid tuairimí is agcuid mianta féin á nochtadh acu.

Is í an chonstaic is mó i dtionscnamhforbartha ná an neamhlitearthacht. Is mnáiad suas le dhá thrian den bhilliún duine atagan léamh, gan scríobh. Comhartha denleatrom a dhéantar ar na mná is ea an rátaard neamhlitearthachta ina measc, seachasmar atá an scéal i measc na bhfear. I roinnttíortha déantar iarracht níos tréine aroideachas a thabhairt do na buachaillí námar a dhéantar ar é a thabhairt do nacailiní. I roinnt cásanna ní thugann na firaon tacaíocht do na mná mar go bhfuileagla orthu go gcaillfidh siad féin a gcuidcumhachta má bhíonn léamh agus scríobhag na mná. Méadaíonn anneamhlitearthacht cleithiúnas na mban arna fir, agus laghdaíonn sí an cumas atá acuaire cheart a thabhairt dá gcuid maoine, dágcuid saibhris féin is dá sláinte.

Déanann sé teorannú ar dhul chun cinn namban iad a bheith gan léamh, gan scríobh,

Ní “Bean an Fheirmeora” a Thuilleadh í (Féach Leabhar 1, “Uisce”,lch 14, “Lá i Saol Bhean Fheirmeora sa Chéinia)

Cleachtadh

1. Cén tábhacht atá anndo na mná go bhfuil 'beanan fheirmeora' imithe agusan 'feirmeoir' féin tagthaina háit?

2. Cad í an chonstaic is módo na mná agus iad arbhóthar na forbartha?

3. Tabhair samplaí dena slite ina bhfogh-laimíonn daoine faoinbhforbairt.

4. Cuir cnuasach pictiúrle chéile a léiríonn nacineálacha éagsúlaoibre a dhéanann namná sa chuid den domhanatá faoi thrácht againn.

agus is bac é seo ar dhul chun cinn naclainne is an phobail freisin. I mórchuidcásanna déanann na mná os cionn 75% denobair i dtáirgeadh an bhia, ach ní thugtaraon aitheantas don éacht seo mar go bhfuildíol an bhia agus ceannach earraí fós ilámha na bhfear.

Tá fadhb chumarsáide anseo ach tá sí á sarútrí úsáid a bhaint as cruinnithe, asceardlanna, as seisiúin oiliúna, as an raidióis as na físeáin, nó fiú amháin as úsáid nadrámaíochta mar a rinne an pobal sasráidbhaile Arubella in Uganda Thuaidh.Baineann Cumann Náisiúnta Eagrais NamBan in Uganda úsáid anois as sraithchlárdrámaíochta ar an raidió, a chraoltar ar fudna tíre chun an teachtaireacht a scaipeadh imeasc na ndaoine.

Tá sé riachtanach ó thaobh na forbartha dego gcuirfí ar a súile do dhaoine go bhfuilidir eolas, scileanna agus chearta ag namná. Mar thoradh air seo ba chóir gombeadh dul chun mór le feiceáil sa phobal,agus feabhas ag teacht ar shaol gach duine.

Page 37: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

35

Tsege Weini Gebreab ag tabhairt aire do bheithígh a cheannaigh sí tríd an scéim Creidmheasa agus Taisce

Page 38: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

36

Tá idir bhocht is shaibhir aran saol. Tá saibhreas tharchuimse ag roinnt daoine,agus tá daoine eile agstracadh leis an saol chundóthain a fháil le hithe gachlá. Bíonn an difríocht idir andá aicme bainteach go minicleis na gnáthroghanna adhéanaimid inár saol golaethúil.

Faighimid mórchuid de na hearraí acheannaímid sna hollmhargaí gar dúinn arphraghas atá réasúnta, dar linn. Go minic níbhíonn astu ag na daoine a chuir is ashaothraigh iad sna tíortha faoi fhorbairt,ach airgead atá ag níos lú ná 10% denphraghas a thugaimidne orthu.

Cad a imíonn ar an 90% eile agus cé atá agdéanamh brabús mór as an tae, as an gcaife,as na bananaí, as an tseacláid agus as anlíon mór earraí eile a cheannaímid? Imórchuid na gcásanna is iad na comhlachtaíilnáisiúnta a dhéanann an sochar. Is leo cuidmhór den talamh sna tíortha faoi fhorbairt,agus níl na daoine a shaothraíonn antalamh ag maireachtáil ach ar éigean ar anbpá a fhaigheann siad, pá atá chomh hísealle €1 in aghaidh an lae. Cuireadh anChóirthrádáil ar bun chun praghas cóir,cothrom a chur ar fáil do na curadóirí agusdo na táirgeoirí, agus chun go mbeadhdóthain airgid le fáil acu de bharr a gcuidoibre chun a gclanna a chothú is a thógáil,agus, chomh maith, go mbeidís ábaltapleanáil don todhchaí.

“An chéad uair gur dhíolamar ár mbarr cócófaoi choinníollacha na Cóirthrádála,d’ardaigh na meáncheannaithe áitiúla agcuid praghasanna. Ba é an chéad uairagainn é go raibh tionchar againn arphraghas ár gcuid cócó.” (Safala , feirmeoiró Shiarra Leon )

Ní ainm nó teideal amháin é “AnChóirthrádáil”. Is cur chuige agus nósimeachta í.

Chuir Oxfam (na Breataine) “ AnChóirthrádáil” ar bun i 1964 chun an córas aathrú ón mbonn aníos. Osclaíodh an chéadsiopa de chuid na Cóirthradála san Ísiltír sabhliain 1969. Faoin mbliain 2003 bhí fástagtha faoin gCóirthrádáil sa mhéid is goraibh suas le 100 eagras i 25 thír dhifriúlaaici. Ceannaíonn siad díreach ó na curadóiríis ó na táirgeoirí sna tíortha faoi fhorbairt,agus díolann siad na táirgí i siopaí naCóirtrádála, trí na catalóga ordaithe poist,na siopaí d’earraí orgánacha, sna margaíaitiúla agus anois in ollmhargaí timpeall andomhain.

Ta an Chóirthrádáil ann chun praghas cóir afháil do na táirgeoirí. Sa chás go socraítearan praghas ar mhargaí idirnáisiúnta (marshampla, an tae, an caife agus an cócó),tugtar an praghas sin dóibh agus beagáinínbeag breise lena chois. Mar nach bhfuil áitdo mheáncheannaitheoirí sa slabhra sin inambogann na hearraí leo ón saothróir siaramach go dtí an caiteoir, is minic go mbíonnna praghasanna sna siopaí níos ísle agusbíonn praghas níos airde le fáil ag ansaothróir. Tá 2,500 táirge ar fáil anois tríd angCóirthrádáil. Tá caife, tae, cócó, siúcra,fíon, súnna torthaí, seacláid, cnónna,spíosraí, rís agus an ceann is déanaí,bananaí, mar chuid den raon earraí atá ardíol.

Téigh I mBun Gnímh

Fútsa atá sé anois do theaghlach, do chairdescoile agus an pobal áitiúil a chur ar aneolas faoin “gCóirthrádáil”.

An Chóirthrádáil

Gníomhaíochtaí duit.

Cuir feachtas ar siúl le brú achur ar shiopa na scoileearraí Cóirtrádala a dhíol.

I gceaintín na scoile agus iseomra na foirne bíodh taeagus caife de chuid naCóirthrádala ar fáil.

Faigh amach cad iad nasiopaí i do cheantar adhíolann earraí ar leis angCóirthrádáil iad, agus déando chuid siopadóireachtasna siopaí sin.

Iarr ar an ollmhargadh i docheantar earraí de chuid naCóirthrádála a chur ar naseilfeanna, agus ansin déancinnte de go ndéanann túféin, do chlann agus dochairde bhur gcuidsiopadóireachta ann.

Bunaigh grúpa ar suim leoAn Chóirthrádáil i do scoil acheannóidh na hearraí, adhéanfaidh bolscaireachtfúthu agus a dhíolfaidh ledaltaí agus le daoine eileiad.Contact Fair Trade at www.maketradefair.com

Page 39: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

37

Faigh na focal seo sa bhosca :

TRIOMACH, TÍONÓNTA,UISCIÚ, ITHIR, ARBHAR,AFRAIC, TEFF, GHANA,TUTSI, FIACHA, FORAOIS,TRÁDÁIL, GNÓ, POBAL,GIÚIS, SÍOLTA, ADHMAD,OIDEACHAS.

Crossfhocal faoin Maláiv(Bunaithe ar an eolas ar leathnaigh 29-32)

Trasna 1. Éire inné, an Mhaláiv inniu. 4. Le haghaidh síolta na gcrann.7. As an Nua-Shéalainn a

tugadh iad seo. 8. Is maith leo na hionaid saoire.10. Uaidh seo a fuair an tír a hainm. 11. Cath agus Uachtarán.14. Níos mó ná 80% den daonra ag

gabháil dó seo.15. Níl siad seo ag na tionóntaithe.

Síos 2. Ní leo an talamh. 3. 600 acu á n-oiliúint.5. Níl sé seo ag 60% den daonra.6. Faoi ainm eile – (1891-1964).9. An méid seo príomhghrúpaí sa tír.12. Síolta ó Éirinn. 13. An Bhreatain a rinne é seo.

Billeog Oibre 3

1 2 3 4

5 6

7 8

9 10

11

12

13

14

15

T R I O M A C H T V G U B H J A

U E K V T R A D A I L H I M P E

T I F O R B Z B E P O B A L N F

S T S F A H O I S G R N W N O I

I H M C O A F R A I C Y O X A A

R I Z Y I R V G T U O R T N Z C

E R P A X U W N U I S L M O T H

P A X F O R A O I S L Q T N P A

O I D E A C H A S A D H M A D Q

Page 40: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

38

Tá na crainn ríthábhachtach don timpeallacht. Cabhraíonn siad leis an uisce a choimeád ag leibhéal achuireann ar chumas na dteaghlach atá ina bhfeirmeoirí, agus iad siúd a bhfuil tithe acu i gceantairthuaithe, chomh maith leis na bailte móra is na cathracha, maireachtáil i dteannta a chéile. Gan na crainnd’imeodh an chuid is mó den uisce gan tásc gan tuairisc isteach trí screamh na cruinne. Tugann na crainnfothain dúinn chomh maith, maraon le haer glan, adhmad agus acmhainní nádúrtha eile.

Sa bhliain 1900 ní raibh ach 1% de thalamhna hÉireann faoi fhoraoisí. Faoin mbliain2000 bhí sé seo méadaithe go 10%, nachmór. Is méadú mór é seo ach tá an céatadánféin ar an gceann is lú san Aontas Eorpach.Tá 25 % den Ghearmáin faoi fhoraoisí agusforaois is ea 35% de thalamh na Pólainne.

In Éirinn sna seascaidí tháinig méadú mór aran achar talún a bhí á úsáid donfhoraoiseacht. Inniu, cé go bhfuil rialachaníos déine i bhfeidhm ó thaobh airgeadaisde, tá tionscal na foraoiseachta ag fás igcónaí. Tá méadú lá i ndiaidh lae ar an líoninfheisteoirí príobháideacha atá tar éis crainna shaothrú.

Tá sé mar aidhm sa tír gearradh siar ar antáirgeadh ón talmhaíocht amach anseo. Marsin, tá mórchuid feirmeoirí ag féachaint ar anbhforaoiseacht mar bhealach eile chun úsáida bhaint as a gcuid talún. Tá rialtas nahÉireann tar éis deontais fhlaithiúla abhronnadh mar chabhair dóibh siúd abheadh sásta crainn a chur. Is í Coillte,Seirbhís Foraoiseachta na hÉireann, a bhfuil síde chúram uirthi tacaíocht a thabhairt dontionscal seo agus é a fhorbairt. SaothraíonnCoillte 40 milliún crann gach aon bhliain.Infheistiú mór é seo i dtodhchaí na hÉireann.Tá an meath ar fhoraoisí báistí an domhainag tarlú ar luas atá scanrúil. Caithfidh Éireféachaint ar na riachtanais is mó a bheidh agdéanamh tinnis di amach anseo, aguspleanáil a dhéanamh dá réir. Caithfidh sí,chomh maith, a cuid a dhéanamh le cinntiúgo mbeidh muintir an domhain uile ábalta

Coillte: Seirbhís Foraoiseachta na hÉireann

Dúshlán Don Dalta.

Eagraigh feachtais chun:1. Aird an phobail a dhíriú arbhuncheisteanna faoin timpeallacht, e.g. Úsáid an uisce.

2. Crainn a cheannach ó Coilltenó ó phlandlann áitiúil. Másféidir é, déan iarracht na crainna dhíol sa phobal mar chuidd’fheachtas chun aird a dhíriúar an scéal. (Bronn an teachtisteach ar chumanncarthanachta éigin). Na crainn achur i bhfearann na scoile, in áitphoiblí, nó sa bhaile.

3. Feachtas a eagrú chun earraíde chuid na Cóirthrádála acheannach ar scoil.

maireachtáil i dtimpeallacht atá sábháilteagus folláin.

Tá ceacht le foghlaim ag muintir na hÉireannón dea-shampla atá tugtha dúinn ag antseirbhís foraoiseachta. Mar sin, tá sé dedhualgas orainn níos mó crann a chur gachbliain, go háirithe na crainn duillsilteach, marshampla an dair, an fhuinseog agus an teile.Tá sé éasca crann óg a chur ach is gníomh é adhéanann difríocht mhór. É sin déanta, beidhár n-aird á díriú go nádúrtha againn ar antruailliú agus ar gan ár gcuid acmhainní achur amú. Tá muintir na hÉireann agtaispeáint don saol mór go bhfuilimid ‘níosglaise’ trí chaomhnú a dhéanamh ar an uisce,ar an leictreachas agus ar an teas, aguschomh maith trí pheitreal gan luaidhe aúsáid. Tá dreach nua anois ag teacht ar an'gCumhacht Ghlas' ó thosaigh daoine agbaint úsáide as fuinneamh na gaoithe lehaghaidh soláthar leictreachais agus as napáinéil ghréine chun uisce a théamh.

Is é an dúshlán atá ann ná go leanfaimisorainn ó lá go lá leis an saol ‘glas’ atá áchaitheamh againn faoi láthair. Is í an tslí issimplí agus is éifeachtaí do dhaltaí scoile náfeachtas saothraithe crann a eagrú ar scoil nósa phobal áitiúil.

Anseo in Éirinn tá Coillte sásta cabhrú leis nascoileanna san fheachtas seo trí chrainn óga asholáthar dóibh ar phraghas an-íseal (50 centan crann). An t-aon choinníoll a bhaineannleis ná go gcuirfí ordú isteach le haghaidh 50crann, ar a laghad. Féachfaidh Coillte chuigego mbéarfar na crainn óga chun na scoile.

Déan teagmháil leis an mBainisteoirDíolachán (Pat Peters) ag Plandlanna BhaileAn Teampaill, Ard An Aitinn , Co.Cheatharlach. Fón: 059 9155621,

ríomhphost: [email protected], nó úsáid ansuíomh idirlín atá acu ag: www.coillte.ie

Ceannaigh Táirgí Cóirtrádála' tú féin freisin(féach an t-alt speisialta:“An Chóirthrádáil”).

Page 41: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

39

Tráth na gCeist

A. 50 milliún

B. 80 milliún

C. 111 mhilliún

D. 144 mhilliún

Ba é daonra na hAfrice sabhliain 1900 ná

Cei

st 1

A. 100,000

B. 230,000

C. 480,000

D. 610,000

Is é an meánardú a thagannar dhaonra an domhain gachlá ná:

Cei

st 6

A. €25 bhilliún

B. €17 mbilliún

C. €8 bhilliún

D. €900 billiún

Is é an méid airgid a chaitear arbhia do pheataí san Eoraip agusi Stáit Aontaithe Mheiriceá inaghaidh na bliana ná:

Cei

st 1

1

A. 32

B. 39

C. 43

D. 47

I láthair na huaire is é an méidtíortha ar mhórthír nahAfraice ná:

Cei

st 2

A. Na carbaihio-dráití

B. An tsaill

C. An phróitéin

D. Na vitimíní

Cén sórt bia ar chóir dúinn é aithe mar phríomhchothú inárréim bia laethúil?

Cei

st 7

A. Coillte

B. Crann

C. FÁS

D. Teagasc

Is é an t-ainm a thugtar arsheirbhís foraoiseachta nahÉireann ná:

Cei

st 1

2

A. 0.2 heactár

B. 1 heachtár

C. 1.5 heachtár

D. 5 heachtár

Is é an meánmhéid de thalamhsaothraithe in aghaidh anduine sa domhan inniu ná:

Cei

st 3

A. 2 chileagram

B. 25 chileagram

C. 100 cileagram

D. 250 cileagram

Is é an meánmhéid bananaí aitear in aghaidh an duine sabhliain in Uganda ná:

Cei

st 8

A. An Mhaláiv

B. Uganda

C. An Aetóip

D. An Chéinia

Cen tír díobh seo ar a raibh AnDochtúir Hastings Banda inauachtarán?

Cei

st 1

3A. Eritrea

B. An tSúdáin

C. An Éigipt

D. An Libia

Cén tír díobh seo ina bhfuildeilt abhainn na Níle?

Cei

st 4

A. San Ísiltír

B. Sa Ghearmáin

C. Sa Bhreatain

D. Éire

Cén tír inar oscail “AnChóirthrádáil “ a céad siopa?

Cei

st 9

A. 50 as gach 1,000

B. 75 as gach 1,000

C. 100 as gach 1,000

D. 125 as gach 1,000

Is é an ráta mortlaíochtanaíonán san Aetóip ná:

Cei

st 1

4

A. Croí fíorchaoinna hAfraice

B. Péarla nahAfraice

C. Bolg Soláthairna hAfraice

D. Grianstát nahAfraice

Cén t-ainm díobh seo athugtar ar Uganda?

Cei

st 5

A. Nítrigin

B. Meatán

C. Dé-ocsaídcharbóin

D. Ocsaigin

Cén sórt gáis a thógann nacrainn as atmasféar na cruinne

Cei

st 1

0

Is í an chonstaic is mó atá armhná na hAfraice ó thaobhforbartha de ná:

Cei

st 1

5

Freagrái ar bun leathanach 41

A. Ganntanas airgid

B. AnNeamhlitearthacht

C. Easpa tacaíochtaón rialtas

D. An Míchothú

Page 42: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

40

An Stair An Gheograif An Béarla

Na fionnachtana Úsáid Na talún Dánta agus scéalta bunaithe ar an talamh

An cóilíniú An talamhaíocht agus Scéalta na muintire

An fheirmeoireacht díshealbhaithe

Cogaí le haghaidh tailte san Afraic Uisce Dearcadh na méa chumursáide ar an saolsan Afraic

Conarthaí laistigh den Afraic agus faoinAfraic

Forbairt Na Tionsclaíochta Guthanna na hAfraice sa litríocht, snahamhráin, srl

Teagasc Creidimh An Eacnamaíocht An Eolaíocht

Aire a thabhairt don timpeallachta Trádáil Dromchla na cruinne

Cothroime agus ceartas Tionscal an Bhia Na gáis tí ghloine

Brúnna an lae inniu Forbairt acmhainní Bia, cothú agus díleá

An meas ar chultúir eile Na fiacha idirnáisiúnta Péacadh na síolta

Ealaín Ceol Eacnamaíocht Bhaile

Cnuas-íomhánna den Afraic Rithimí na hAfraice Cothú agus réim bia

Dearadh Afracach Ceol do na ceithre shéasúr Bia na hAfraice

Seodra Amhráin don chur is don bhaint Modhanna cócaireachta is stórála

Cur Chuige Traschuraclam

Corp-phéinteáil Gléasanna adhmaid Ócáidí ceiliúrtha leis an mbia

Page 43: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

41

Eolas faoin Afraic:www.oneworld.org/odiwww.africasia.com

Eolas faoin bhforaoiseacht:www.coillte.iewww.coilltenurseries.ie

Eolas faoin gcóirthrádáil:www.marketradefair.comwww.cafedirect.co.uk

Eolas faoin gclár domhanda bia:www.wfp.org

Eolas faoi bhiawww.oneworld.orgwww.globalissues.org

Eolas faoi uisce:www.worldwaterforum.org

Eolas faoin timpeallacht:www.doingyourbit.org.ukwww.enfo.iewww.peopleandplanet.orgwww.envirolink.com

Eolas ar mhaoiniú idirnáisiúnta:www.worldbank.org

Eolas faoi mhná sa triú domhan:www.women3rdworld.minigo.com

Eolas faoi dhíforaoisiú:http://environmentminingco.com/msubfor1.htmhttp://forests.org/forsite.htmlhttp://www.wri.org/wri/index.html

Suíomh idirlín Self Help:www.selfhelp.ie

An t-Ionad Idirnáisiúinta Um Ghorta;www.ucc.ie/famine

Comhoibriú don Fhobairt, Éire www.dci.gov.ie

Eolas faoin talamhaíocht:www.fao.orgfood&agricultureOrganisation

Ionad U.C.C le haghaidh Staidéir Chomhoibrithewww.ucc.ie/acad/foodecon/centreb.html

Aonad Forbairt Tuaithe U.C.Dwww.ucd.ie/-agri/

Comhairle Crann na hÉireannwww.treecouncil.ie

Cleachtadh: Féachaint arghrianghraif

Féach ar ghrianghraif na mban arleathanaigh 11 agus 31.

1. Pléigh na cineálacha difriúla oibre atáar siúl ag na mná anseo. Ar mhaith leatféin tabhairt faoi na poist chéanna? Cénfáth?

2. Cad iad na difríochtaí is mó idir anobair seo agus obair na mban in Éirinn?

3. Cad í an difríocht idir an margadh biaar lch 26 agus an saghas siopadóireachtaa dhéanfá san ollmhargadh? (Bí agsmaoineamh ar an mbia féin, ar anbpacáistiú a dhéantar air, cad as adtagann sé, cén sórt leasaithe a dhéantarair, srl)

4. Ciall a bhaint as an íomhá – Féach arlch 35. Dá mbeadh a fhios againn cé leisna beithígh seo, an mbeadh ciall dhifriúilá baint againn as an íomhá?

Conas mar a bheadh sé difriúil :a) Dá mba léi féin iad?b) Dá mba lena fear céile iad?c) Dá mba le comharchumann na

mban iad?d) Dá mba leis an tiarna talún iad?

Foinsí ÚsáideachaFr

eag

raí

Ceist 1 CCeist 2 DCeist 3 A

Ceist 4 CCeist 5 BCeist 6 B

Ceist 7 ACeist 8 DCeist 9 A

Ceist 10 CCeist 11 BCeist 12 A

Ceist 13 ACeist 14 DCeist 15 C

Page 44: Leabhar a Dó AN BIA, AN TALAMH AGUS NA CRAINN...4 Tá an ithir á lot agus is é an duine féin a chruthaigh na fásaigh nua seo atá ann de bharr drochmhod-hanna oibre, a bhfuil

Tá deis á tabhairt do dhaltaí is do mhúinteoirírúndiamhair na mór-roinne dorcha a fháil amachdóibh féin. Tugann Self Help deis do mhúinteoiríagus do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar phobal sanAfraic agus cuairt a thabhairt ar an mór-roinn, marchuid de chlár scoile atá ann chun cabhrú le tíorthafaoi fhorbairt seasamh ar a mbonnaibh féin, agusspórt a bhaint as an obair seo fad a bheidh siad aggabháil di.

An Afraic Bheo - Clár do na Scoileanna

I measc na dtíortha atá sa chlár, tá anAetóip, Eritrea, an Mhaláiv agus an Chéinia.

Aidhmeanna

• Daltaí óga agus múinteoirí a chur idteagmháil le muintir tíre atá faoi fhobairt

• Tuiscint níos fearr a chothú ionainn faoina difríochtaí atá eadrainn i gcúrsaícultúrtha, agus ó thaobh tíreolaíochtaagus eacnamaíochta de

• Pictúr cruinn, ceart a thabhairt faoin saoli dtír de chuid na hAfraice

• Eolas cruinn a chur ar fáil do dhaoineóga faoi conas mar a oibríonn tionscnamhforbartha

• Múinteoirí agus daltaí a spreagadh chunstaidéar a dhéanamh ar na modhanna aúsáidtear chun dul i ngleic leis anmbochtaineacht agus leis an ngorta san Afraic.

Buntáistí

• Tá deis, nach mbeidh acu choíche arís ,ag múinteoirí agus daltaí ar cuairt athabhairt ar an Afraic

• Tá daoine a bhfuil an t-eolas acu ar fáilchun an t-ábhar a mhúineadh do na daltaí

• Tá ábhar curaclaim ann do na scoileanna

• Tá teagmháil agus ceangal á ndéanamhle múinteoirí agus le scoileanna eile atápáirteach sa chlár

• Tugtar dúshlán do dhaoine óga suim achur i gcás daoine eile, agus dul i mbungnímh ar son muintire nach bhfuil chomhmaith as leo féin

Tacaíocht a Thabhairt DoThionscnaimh San Afraic

Déanann Self Help a chuid oibre le lucht nasráidbhailte agus na bhfeirmeacha igceantair thuaithe na hAfraice. Nuair athugann múinteoirí agus daltaí cuairt arthír, feiceann siad dóibh féin conas amhaireann na daoine. Taobh amuigh dechuairt a thabhairt ar an Afraic is féidir lescoileanna tacú leis an obair trí chabhair athabhairt chun tionscnaimh bheaga amhaoiniú, tionscnaimh a dhéanann difríochtmhór i saol na nAfracach.

Sampla Simplí de seo ná;

Airgead a bhailiú le haghaidh tobair achuirfidh uisce glan, sábháilte ar fáil dophobal a bhfuil 1000 duine nó níos mó inagcónaí ann. Baistear ainm na scoile adhéanfaidh an urraíocht, ar an tobar.

Samplaí eile:

• Seomra ranga a thógáil i scoil éigin

• Troscán a sholáthar do leabharlann scoile

• Deimhin a dhéanamh de go gcuirfearréim cheart bia ar fáil don phobal

• Crainn a chur

Nuair a bhíonn daoine páirteach ingníomhaíochtaí a thacaíonn leis nationscnaimh seo, cuireann sé ar a súile dóibhconas a bhíonn cúrsaí. Tugann nagníomhaíochtaí seo aidhmeanna difriúla dodhaltaí freisin lena gcuid oibre. Is é sin isoideachas ann: foghlaim trí ghníomhaíocht,foghlaim don saol, saol fada a bheidh lán deshuntas.

“'I mo thuairim féin, bhí an chuairt a thugmé ar Uganda ar cheann de na himeachtaíba mhó a chuir athrú ó bhonn ar mo shaol,agus beidh dearcadh difriúil agam go deodá bharr“ (Faren Campbell, Mac-léinn,Coláiste Naomh Dominic, Cabra, Baile ÁthaCliath 7)

Déan Teangmháil le Self Help; Self Help DevelopmentInternational, Hacketstown, Co. Carlow, Ireland.Tel: 059-6471175, 059-6471416Fax: 059-6471292E-mail: [email protected]: www.selfhelp.ie

Maoinithe ag:

Karen Campbell, Mac Léinn ó Scoil Naomh Dominic,Cabra, B.A.C. le Nancy, bean áitiul in Asamuk, Uganda

Development Cooperation Ireland